Sporting Fingal Football Club

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Sporting Fingal)
Sporting Fingal FC
Peil
The Fingal, Na Fiachra Dubha
Sainchomharthaí
Éidí
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Baile
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
As baile
Dathanna: Dubh - Bán
Siombail: Fiach Dubh
Sonraí ginearálta
Cathair: Baile Átha Cliath
Tír: Éire
Cónaidhm: UEFA
Sraith: Sraith na hÉireann
Bunaithe: 2007
Cathaoirleach: Gerry Gannon
Traenálaí: Liam Buckley
Staidiam: Staid Morton
(6 000 áit)
Suíomh: www.sportingfingal.ie
Séasúr reatha

Ba club peile Éireannach é Sporting Fingal Football Club (Gaeilge: Cumann Peile Fine Gall Spórtúil) as tuaisceart chontae Átha Cliath (Fine Gall) a d'imir i Sraith na hÉireann. Bhí iar thraenálaí Shamrock Rovers, Liam Buckley ina thraenálaí ar an gclub agus bhí iar imreoir de chuid Arsenal John Devine ina thraenálaí cúnta. D'imir an fhoireann i staid Morton i Seantrabh le formhór lucht leanúna an chlub as Sord, Fine Gall agus tuaisceart Contae Bhaile Átha Cliath

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh an club mar chuid de scéim fhadtearmach fhorbatha sacair chomhairle chontae Fine Gall don réigiún.[1] Bunaíodh an club ar 11 Feabhra 2007.[2] Bhí an club le himirt séasúr 2008 sa A Championship, ach nuair a thit club sacair Chathair Cill Cheannaigh as céad roinn Sraith na hÉireann tháinig Sporting Fingal isteach in áit.[3] Chríochnaigh sé sa tríú an séasúr sin sa chéad roinn. Bhí séasúr iontach aige sa bhliain 2009; bhain an Sporting dara háit sa roinn amach agus sa chluiche ardaigh bhuaigh sé an áit sa phríomhroinn. Bhuaigh sé Corn FAI chomh maith agus mar sin bhí áit faighte aige i sraith Europa don séasúr 2010–11.[4][5]

Torthaí san Eoraip[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an chéad chluiche don chlub i gcomórtas Eorpach i gcoinne foireann Phoirtaingéileach Marítimo. Chaill siad 3-2 ar oileán Madeira de bharr cúl Marítimo sa 94 nóiméad. Scóráil Glen Crowe an chéad cúl agus fuair Lorcan Fitzgerald an dara cheann. Imríodh an dara cluiche i Dalymount. Bhí Marítimo chun tosaí le cic pionós tar éis 20 nóiméad agus fuair siad an dara cúil sa 67 nóiméad. Scóráil Éamon Zayed cúl i gcomhair Sporting Fingal san 81 nóiméad, fuair Marítimo cúl eile, áfach. Cé go bhfuair Zayed cúl eile críochnaigh an cluiche 3-2.[6]

UEFA Europa League[cuir in eagar | athraigh foinse]

Séasúr Comortas Babhta Tír Club Abhaile As Baile Comhiomlán
2010-11 Europa League 2. Babhta Cháiliúcháin Marítimo 2-3 2-3 4-6

Deireadh an Chlub[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig deireadh leis an gclub in éineacht le titim an mhargaidh boilscithe réadmhaoine in Éirinn. Bhí baint ag triúir urraitheoirí an chlub – Gerry Gannon, Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath agus Banc Angla-Éireannach – le hiasachtaí rúnda Bainc Angla-Éireannach. Cuireadh srian ar gníomhachtaí gnó Gannon agus ar 26 Samhain, 2010 d'éirigh sé as mar cathaoirleach Sporting Fingal. Ba é Gannon an príomh-tabharthóir, ceaptar gur infhéistigh sé níos mó ná €2m insan gclub. In ainneoin do sin bhí an club ag cailiúnt airgid agus ní raibh siad in ann a áit a líonadh agus i mí Feabhra 2011 chuir Sporting Fingal in iúl go raibh fadhbanna móra airgid aige. Ní raibh siad in ann pá na n-imreoirí a íoc agus bhí orthu conarthaí a chur ar ceal. D'éirigh siad as comortas Corn Setanta Sports 2011 mar aon leis an bpríomhshraith don bhliain 2011.


Liosta imreoirí 2010[cuir in eagar | athraigh foinse]

U. Ionad Peileadóir
B Darren Quigley
B Brendan Clarke
C Ger O'Brien
C Brian Gannon
C Colin Hawkins
C Shaun Maher
C Kenny Browne
C John Frost
C Lorcan Fitzgerald
L Jordan Nolan
L Colm James
L Ronan Finn
L Ciaran O'Brien
U. Ionad Peileadóir
L Shane McFaul
L Shaun Williams
L Kevin Dawson
L Alan Kirby
L Ollie Cahill
L Mark Duggan
L Keith Quinn
I Éamon Zayed
I Mark Quigley
I Gary O'Neill
I Glen Crowe
I Daniel Corcoran

Liosta trófaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

2009

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]