Edgar Allan Poe
Duine de scríbhneoirí móra Béarla na Stát Aontaithe is ea Edgar Allan Poe, a rugadh ar an 19 Eanáir 1809 i mBostún agus a fuair bás ar an 7 Deireadh Fómhair 1849 i mBaltimore. Bhí Poe ina fhile, ina ghearrscéalaí, ina léirmheastóir litríochta agus ina eagarthóir. Áirítear ar fhir mhóra an Rómánsachais é i stair na litríochta Meiriceánaí.
Litríocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iad na scéalta uafáis is mó a thabhaigh a chlú dó, is dócha, ach thairis sin, bhain sé triail as na scéalta bleachtaireachta, agus is féidir a rá gur duine de cheannródaithe an fhicsin eolaíochta a bhí ann chomh maith. Chuaigh sé leis an scríbhneoireacht mar shlí bheatha roimh aon duine eile féin i stair na litríochta Meiriceánaí, ach dá dheasca sin, bhí saol an-deacair aige.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh a seanathair, David Poe, in aice le Cill an Seanrátha i gContae an Chabháin. Chuaigh David go Meiriceá i 1750.
Cailleadh tuismitheoirí Poe nuair a bhí sé óg. Is é an t-ainm baiste a fuair sé ná Edgar Poe.
Ba iad John agus Frances Allan a ghlac leis mar mhac altrama ina dhiaidh sin, cé nár uchtaigh siad go foirmeálta riamh é. Uathu siúd a fuair Poe an t-ainm Allan. Bhí cónaí orthu i Richmond, Virginia.
D'fhág Poe slán ag muintir Allan tar éis dó seal a chaitheamh in Ollscoil Virginia agus seal eile sna saighdiúirí.
Is é an chéad leabhar a tháinig i gcló ó pheann Phoe ná Tamerlane and Other Poems sa bhliain 1827, faoin ainm cleite A Bostonian.
Ina dhiaidh sin, thosaigh Poe ag scríobh aistí léirmheastóireachta do na hirisí liteartha, agus a stíl phearsanta féin aige san obair seo. Chaithfeadh sé cuid mhaith taistil a dhéanamh idir Baltimore, Philadelphia, agus Cathair Nua-Eabhrac le freastal ar riachtanais a oibre.
Sa bhliain 1835, phós sé Virginia Clemm, a chol ceathrar féin, nach raibh ach trí bliana déag d'aois san am.
I Mí Eanáir 1845, d'fhoilsigh Poe an dán úd The Raven ("An Fiach Dubh"), a bhí i mbéal an phobail ar an toirt. Dán gan a leithéid eile atá ann a bhfuil a mheadaracht féin aige.
Dhá bhliain ina dhiaidh sin, fuair a bhean chéile bás. Bhí an lánúin an-doirte dá chéile riamh, agus chuaigh an bhris seo go mór mór i bhfeidhm ar Phoe, rud atá le haithint ar a chuid scríbhneoireachta.
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thosaigh Poe ag pleanáil a irise liteartha féin. The Penn a thug sé uirthi ar dtús, agus ina dhiaidh sin, The Stylus. Ní raibh sé i ndán dó an iris a lainseáil riamh, nó fuair sé bás faoi imthoscaí doiléire i mBaltimore ar an 7 Deireadh Fómhair, agus é dhá scór bliain d'aois san am. Níltear cinnte cad é ba thrúig bháis dó, ach luadh alcólachas, calar, confadh, féinmharú agus a lán cúiseanna eile leis.