Comhar
Cineál | irisleabhar |
---|---|
Cárta innéacs | |
Maisiúchán | Mark Wickham |
Teanga | an Ghaeilge |
Am tosaigh | 1942 |
Bunaitheoir(í) | An Comhchaidreamh |
Úinéir | COMHAR Teoranta |
Tréith | |
Eatramh foilsithe | Míosachán |
Seánra | Iris liteartha |
Príomhábhar | Cúrsaí Reatha, Cúrsaí Litríochta, Critic, Léirmheasanna, Filíocht, Gearrscéalta |
Príomheagarthóir | Seán Tadhg Ó Gairbhí |
Foilsithe i | Éire |
Eagrán | 84+ |
Formáid dáilte | I gcló agus ar líne |
Aitheantóirí | |
ISSN | 0010-2369 |
JSTOR | comhar |
Suíomh | comhar.ie |
- Baineann an t-alt seo leis an iris Ghaeilge; má tá suim agat sa bhaile fearainn i gContae an Chláir, féach Comhar, Contae an Chláir.
Iris mhíosúil Ghaeilge é Comhar a bpléitear litríocht agus cúrsaí reatha ann, dírithe i gcónaí ar léitheoirí oilte. COMHAR Teoranta a fhoilsíonn é.
Ba é Breandán Ó hEithir t-eagarthóir is mó iomrá, agus i measc na scríbhneoirí aitheanta a bhfuil a shaothar le fail inti, tá Seán Ó Ríordáin, Máirtín Ó Direáin, Máirtín Ó Cadhain, Alan Titley, Tomás Mac Síomóin, Pól Ó Muirí agus Seán Mac Mathúna. Dúradh gur san iris a foilsíodh saothar le beagnach gach scríbhneoir Gaeilge a thuill clú sa 20ú haois.[1]
Foilsíonn Comhar roinnt leabhar freisin. Fáiltíonn an iris roimh scríbhneoirí nua Gaeilge. Comhlacht carthanachta (uimhir 47559) gan scaireanna atá ann.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhunaigh An Comhchaidreamh, dream idir-ollscoile, Comhar sa bhliain 1942.[2] Foilsíodh an chéad eagrán i mBealtaine na bliana 1942, tráth a raibh páipéar gann sa tír agus an dara cogadh domhanda faoi lán seoil.[3][4] Go deimhin, bhí páipéar chomh gann sin ag an am go raibh ar eagarthóirí na hirise nua cead speisialta a lorg ón Aire Seán Lemass chun an iris a chur i gcló.[1]
I Mí na Nollag 2007 fógraíodh nach bhfoilseofaí Comhar a thuilleadh ó tharla go raibh Foras na Gaeilge chun deireadh a chur leis an deontas a thug siad don iris. I Mí an Mheithimh 2008, áfach, fógraíodh go bhfoilseofaí an iris arís tar éis d'Fhoras na Gaeilge athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin agus an deontas a athnuachan.[5]
Cuireadh an iris ar líne sa bhliain 2017.[6]
LeabhairCOMHAR
[cuir in eagar | athraigh foinse]Athbhunaíodh an comhlacht foilsitheoireachta a bhain le COMHAR, inphrionta "LeabhairCOMHAR" sa bhliain 2010 chun nualitríocht na Gaeilge a fhorbairt. Tá sí mar aidhm ag an gcomhlacht ó thús, scríbhneoirí úra a earcú agus a chothú ar bhonn leanúnach. Tá breis is 45 leabhar foilsithe ag "LeabhairCOMHAR" ó thús ama. Cuireann"LeabhairCOMHAR" réimse leathan leabhar ar fáil idir leabhair staire, beathaisnéisí acadúla agus úrscéalta do dhaoine fásta. Tá sé cinn de shraitheanna á bhforbairt ag "LeabhairCOMHAR" faoi láthair mar a leanas:
- GUTH NUA (ficsean do dhaoine fásta atá scríofa ag scríbhneoirí nua);
- DORAS FEASA (leabhair stairiúla agus fhaisnéise);
- AN SAOL ÓG (leabhair phictiúr agus litríocht do pháiste);
- SAOL AGUS SAOTHAIR (beathaisnéisí acadúla);
- TÉAD NA FILÍOCHTA (cnuasaigh théamacha d’fhilíocht ó údair aitheanta) agus
- FOGHLAIMEOIR FÁSTA (úrscéalta do dhaoine fásta atá ag foghlaim Gaeilge).
Ní gá ach sracfhéachaint a thabhairt ar an Siopa Leabhar ar líne ar an leathanach gréasáin www.iriscomhar.com le feiceáil go bhfuil neart leabhar ar fáil a bhféadfaí úsáid a bhaint astu sa seomra ranga nó leas a bhaint astu chun suim daoine óga a mhúscailt sa léitheoireacht.
Foghlaimeoir Fásta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An Gaeilgeoir Grámhar, Alan Desmond, 2011.
- Samhradh an Chéasta, Catherine Foley, 2010.
- An Foghlaimeoir Fásta, Alan Desmond, 2006.
- Croí na Ceiste, Pól Ní Muirí, 2007 (as cló).
- Gaeilge agus Grá, Alan Desmond, 2007 (as cló).
- Míle Murdar! Mícheál Ó Ruairc, 2005.
- Paloma, Pól Ó Muirí, 2000 (2002) (as cló).
- Sorcha sa Ghailearaí, Catherine Foley, 2005 (as cló).
- Teach na ngColúr,Aisling Ní Leidhin agus Liam Mac Amhlaigh, 2006 (2010).
- Teifeach, Pól Ó Muirí, 2002 (2005).
Leabhar a foilsíodh idir 2010 agus 2012
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Codladh Céad Bliain: Cnuasach Aistí ar Litríocht na nÓg, Ríona Nic Congáil, as an tsraith AN SAOL ÓG, 2012.
- An Ghaeilge i gCéin: Pobal agus Féiniúlacht Idirnáisiúnta curtha in eagar ag Siúin Ní Dhuinn as an tsraith GUTH NUA, 2011.
- Annála, Gréagóir Ó Dúill, as an tsraith TÉAD NA FILÍOCHTA, 2011.
- Saol an Mhadra Bháin Ríona Nic Congáil, as an tsraith AN SAOL ÓG, 2011.
- Rún an Bhonnáin Proinsias Mac a’ Bhaird, as an tsraith GUTH NUA, 2010.
- Uachtaráin na hÉireann Eithne Nic Eoin, 2010.
Leabhair a foilsíodh roimh 2010
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An bhfaca tú Dracula? Dialann Thrasalvánach, Aodh Ó Canainn, 1997 (as cló).
- An Cailín Rua, Catherine Foley, 2004.
- An Chaint sa tSráidbhaile, Breandán Ó hEithir, curtha in eagar ag Caoilfhionn Nic Pháidín, 1991 (as cló).
- An dá Mháirtín, Diarmaid Ó Gráinne, 1990.
- An Deoir sa Bhuidéal, S.E. Ó Cearbhaill, 1998.
- An Ród seo Romham, Liam Mac Uistín 2006.
- An Spealadóir Polannach, Peter Huchel, 1994.
- An Stad – Croí na hAthbheochana, Seán Ó Cearnaigh, 1993.
- Ar Bhruach na Laoi, Liam Ó Muirthile, 1995 (as cló).
- Bás i mBaile an Ghorta, Mícheál Ó Ruairc, 2003 (as cló).
- Bás san Oirthear, Lorcán S. Ó Treasaigh, 1992.
- Bean Athbheochana, Mairéad Ní Chinnéide, 1993.
- Brocairí Bhedlington agus Scéalta Eile, Gearailt Mac Eoin, 1996.
- Caithfear Éisteacht!, Liam Prút, 1999.
- Cion Fir: Aistí Thomáis Uí Fhloinn, curtha in eagar ag Liam Prút, 1997.
- Clann na nÉan / Ríocht na Cailce, Gabriel Rosenstock, 2005 (as cló).
- Comhar: Innéacs 50 bliain, Máire de Grás, 1992 (as cló).
- Dlíthe an Nádúir, Pól Ó Muirí, 2001 (as cló).
- Géaga Trí Thine, Gabriel Rosenstock, 2006 (as cló).
- Ó Chómhargadh go hAontas, Maolmhaodhóg Ó Ruairc, 1994.
- Oileán Rúin agus Muir an Dáin, Micheál Mac Craith, 1993.
- Plumaí, Liam Prút, 1997.
- Pónairí ar Thósta: Dialann Mic Léinn Ollscoile, Mícheál Ó Ruairc, 2007.
- Ríomh-Scéalta chuig Bilí, Liam Mac Uistín 2007 (2010).
- Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995, Seán Ó Cearnaigh, 1995.
- Seal sa Pholainn, Alan Desmond, 2007.
- Seán agus a Chamán, Pádraig ó Giollagáin agus Mike McCarty, 2001 (as cló).
- Seo Linn go Tóiceo, Iarla Mac Aodha Bhuí, 2000.
- Tréigean na Cúise, Iarla Mac Aodha Bhuí, 1999.
- Trasna na dTonnta, Mícheál Ó Ruairc, 2001 (as cló).
- Trioblóid (leabhar agus dlúth-dhiosca), Colmán Ó Drisceoil, 2005 (as cló).
- In Éadan na Gaoithe, Peter Hartling, aistrithe go Gaeilge ag Máire Mhic Eoin, 2002 (as cló).
Eagarthóirí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1942
- Seán Ó Buachalla, Máirtín Ó Flathartaigh, Tomás Ó Floinn, Tomás de Bhaldraithe, Séamus Ó Néill, Dáithí Ó hUaithne, Seán Mac Réamoinn, Proinsias Mac Cana, Caoimhín Ó Góilidhe, Helen Beaumont, Mícheál Ó Cíosóig
- 1952
- Riobard Mac Góráin, Gearóid Mac Niocaill, Mícheál Ó Riain, Eibhlín Ní Bhriain, Breandán Ó hEithir
- 1962
- Breandán Ó hEithir (1960-1963; 1965-1966), Caoimhín Ó Marcaigh, Eoghan Ó hAnluain, Mícheál Ó hUanacháin, Piaras Ó Gaora
- 1972
- Seán Ó hÉalaithe, Dáithí Ó hÓgain, Cathal Mac Giolla Coille, Treasa Ní Ógáin, Rhoda Uí Chonaire, Proinnseas Ní Dhorcaí, Anna Heussaff
- 1982
- Caoilfhionn Nic Pháidín, Mícheál Ó Cearúil, Seosamh Ó Murchú, Éamonn Ó Dónaill
- 1992
- Eagarthóir: Tomás Mac Síomóin
- Fo-eagarthóir: Vivian Uíbh Eachach
- Eagarthóir Liteartha: Siobhán Ní Fhoghlú (Eanáir-Iúil); Gréagóir Ó Dúill (Lúnasa-Nollaig)
- 1993/1994
- Eagarthóir: Tomás Mac Síomóin
- Fo-eagarthóir: Vivian Uíbh Eachach
- Eagarthóir Liteartha: Gréagóir Ó Dúill
- 1995
- Eagarthóir: Tomás Mac Síomóin (Eanáir-Meán Fómhair); Vivian Uíbh Eachach (Feabhra-Nollaig)
- Fo-eagarthóir: Vivian Uíbh Eachach (Eanáir)
- Eagarthóir Liteartha: Gréagóir Ó Dúill (Eanáir-Meán Fómhair); Liam Prút (Deireadh Fómhair-Nollaig)
- 1996/1997
- Eagarthóir: Vivian Uíbh Eachach
- Eagarthóir Liteartha: Liam Prút
- 1998 ;
- Eagarthóir: Pól Ó Muirí (Eanáir-Iúil, Meán Fómhair-Samhain); Antain Mac Lochlainn (aoi-eagarthóir, Lúnasa); (eagarthóir, Nollaig)
- Eagarthóir Liteartha: Antain Mac Lochlainn (Samhain)
- 1999
- Eagarthóir: Antain Mac Lochlainn
- 2000
- Eagarthóir: Antain Mac Lochlainn (Eanáir-Márta); Vivian Uíbh Eachach (Aibreán); Alex Hijmans (Bealtaine-Nollaig)
- 2001
- Eagarthóir: Alex Hijmans (Eanáir-Meitheamh); Úna Ní Chonchúir (Iúil/Lúnasa-Nollaig)
- 2002
- Eagarthóir: Úna Ní Chonchúir (Eanáir-Meán Fómhair); Mícheál Ó hUanacháin (Deireadh Fómhair-Nollaig)
- 2003-2007
- Eagarthóir: Mícheál Ó hUanacháin
- 2008
- Níor foilsíodh an iris: Eanáir-Meán Fómhair 2008
- Eagarthóir: Aindrias Ó Cathasaigh (Deireadh Fómhair-Samhain); Pól Ó Muirí (Nollaig)
- 2009-2010
- Eagarthóir: Pól Ó Muirí; Ríona Nic Congáil (aoi-eagarthóir, Meán Fómhair)
- 2011
- Eagarthóir: Ian Ó Caoimh
- Eagarthóir Liteartha: Aifric Mac Aodha
- 2012
- Eagarthóir: Ian Ó Caoimh (Eanáir-Márta); Aifric Mac Aodha (Aibreán-anois)
- Eagarthóir Liteartha: Aifric Mac Aodha (Eanáir-Márta)
- Eagarthóir Cúnta: Seán Tadhg Ó Gairbhí
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh Gréasáin 'Comhar'
- Eagarthóir na hirise faoi agallamh ag BBC Thuaisceart Éireann
- Comhar ar Blogspot sa bhliain 2009
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 "Ceiliúradh déanta ar bhunú Comhar ceithre scór bliain ó shin" (ga-IE). Tuairisc.ie (22 Aibreán 2022). Dáta rochtana: 2022-04-30.
- ↑ The Encyclopedia of Ireland, Gill & Macmillan Ltd (2003)
- ↑ Alan Titley (2019). "AN COMHAR SOLAIS" (ga-IE). Comhar. Dáta rochtana: 2023-05-16.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-04-21). ""Is saibhrede Éire Comhar" - iris Ghaeilge 80 bliain ar an bhfód" (as ga-IE).
- ↑ Liam Mac Amhlaigh (2008). "Slánaítear Comhar do ghlúin nua" (ga-IE). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-10-10.
- ↑ "Comhar le fáil ar líne agus i gcló as seo amach" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-10-10.