Rudolf Nureyev

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRudolf Nureyev

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ru) Рудо́льф Хаме́тович Нуре́ев
Beathaisnéis
Breith17 Márta 1938
Razdolnoe, An Rúis (en) Aistrigh, i ngar dó Cuir in eagar ar Wikidata
Bás6 Eanáir 1993
54 bliana d'aois
Páras, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Death from AIDS-related complications (en) Aistrigh)
Áit adhlacthaSainte-Geneviève-des-Bois Russian Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síVaganova Academy of Russian Ballet (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre An tAontas Sóivéadach Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmdamhsóir bailé, máistir bailé, aisteoir, cóiréagrafaí, stiúrthóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1958 –  1992
Mac/iníon léinn de chuidSulamith Messerer agus Vera Volkova
Mac/iníon léinnManuel Legris
TeangachaAn Rúisis agus an Tatairis
Ealaíontóirí gaolmharaMargot Fonteyn (en) Aistrigh: Margot Fonteyn and Rudolf Nureyev (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Suíomh a chartlainne
Croineolaíocht
nevozvrashchentsy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinnureyev.org Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0638159 Allmovie: p104752 IBDB: 87576
Facebook: Rudolf.Nureyev.foundation Twitter: RudolfNoureev Instagram: the_rudolf_nureyev_foundation Musicbrainz: 0c7c124e-a107-4fd7-aea7-7a40f5952600 Discogs: 806668 Find a Grave: 4047 Cuir in eagar ar Wikidata

Damhsóir bailé Sóivéadach ab ea Rudolf Khametovich Nureyev (Baiscíris: Рудольф Хәмит улы Нуриев, Tatairis: Рудольф Хәмит улы Нуриев, Rúisis: Рудо́льф Хаме́тович Нуре́ев) (17 Márta 19386 Eanáir 1993), agus é ar dhuine de na damhsóirí ba mhó clú air sa 20ú haois. Thug sé áit do na mothúcháin sa damhsóireacht agus chruthaigh sé ról nua do na fir sa bhailé, ról a bhí teoranta go dtí sin do thacaíocht a thabhairt do na mná.

Chuir Nureyev cúl leis an Aontas Sóivéadach sa bhliain 1961, d'ainneoin iarrachtaí an KGB stad a chur leis.

A luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

1968

Saolaíodh Rudolf Nureyev ar 17 Márta 1938 ar bord traenach in aice le hIrkutsk, sa tSibéir san Aontas Sóivéadach. Tógadh é i mbaile beag gar do Ufa sa Bhaiscíreastáin. Teaghlach Tatarach a bhí iontu, cé go raibh sinsireacht Bhaiscíreach acu freisin.

Chuir sé spéis mhór sa rinceoireacht agus é ina bhuachaill óg go fóill. Tharraing a chumas nádúrtha mar rinceoir aird na ndaoine agus tugadh oiliúint san ealaín sin dó, go mór mhór in Acadamh Bailé Vaganova, scoil a bhí ceangailte leis an mBailé Kirov i Leningrad. Chuir sé críoch lena chuid staidéar ansin sa bhliain 1955 in aois a 15 bliana.

1973

Ag damhsaíocht in Aontas na Sóivéadach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aithníodh a ardchumas damhsaíochta agus é ag damhsaíocht leis an mBailé Kirov. Stíl bhríomhar a bhí aige. Aithníodh féith na heasumhlaíochta ann freisin. Ligeadh dó dul ar an stáitse san Ostair i 1958 ar ócáid Fhéile Idirnáisiúnta na hÓige, ach bhí a chuid iompair ar an turas sin chomh dána ceannairceach gur dúradh leis nach mbeadh cead aige dul thar lear arís choíche.

Sa bhliain 1961, áfach, gortaíodh Konstantin Sergeyev, príomhdhamhsóir fireann an Kirov, agus an compántas sin ar tí dul ar thuras go dtí iarthar na hEorpa. Roghnaíodh Nureyev dul ina ait-se.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]