RTÉ Raidió na Gaeltachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaRTÉ Raidió na Gaeltachta

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálstáisiún raidió
internet radio (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1972
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
ÚinéirRaidió Teilifís Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deRTÉ Radio (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinrte.ie… Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: RTERnaG Twitter: rternag Instagram: rternag Cuir in eagar ar Wikidata

Seirbhís lán-Ghaeilge raidió is ea RTÉ Raidió na Gaeltachta (nó go neamhfhoirmeáilte RnaG), a thosaigh ag craoladh ó Chasla, Conamara ar Dhomhnach Cásca, 1972.[1] Cé gur ar phobail Ghaeltachta is mó a dhéanann sé freastal, tá an-líon éisteoirí aige go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.[2]

Tá fáil ar an stáisiún ar fud Phoblacht na hÉireann ar an ard-mhinicíocht (FM), ar an meántonn sa Ghaeltacht fhéin, ar chóras satailíte ar fud na hEorpa, agus ar an idirlíon. Craoltar ar 92-94 agus ar 102.7 fm é ar oileán na hÉireann.

Ceanncheathrú RnaG i gCasla, Contae na Gaillimhe

Eagraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is cuid den tseirbhís chraoltóireachta phoiblí RTÉ é Raidió na Gaeltachta.

Tá trí phríomhstiúideo ag RnaG: Casla, Conamara; Bóthar na Léinsí, Corca Dhuibhne; Gaoth Dobhair, Tír Chonaill, maille le slám stiúideonna beaga i nGaeltachtaí eile timpeall na hÉireann.

Mar spraoi, tugtar "Garraí Pheter William" ar cheanncheathrú Raidió na Gaeltachta go fóill i gcuimhne ar ainm na háite sular tógadh foirgneamh an stáisiúin.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí 28 Márta 1970 ina lá stairiúil do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge nuair a thosaigh an stáisiún bradach, Saor-Raidió Chonamara ag craoladh ar Dhomhnach Cásca 1970.[3] Dhá bhliain níos déanaí, thosaigh Raidió na Gaeltachta ag craoladh ó Chasla ar Dhomhnach Cásca, 1972.

Ón bhliain 2000 amach tá an stáisiún ag craoladh 24 uair sa lá.

Dáithí Ó Muirí, 'Glór Anoir', RTÉ Radio na Gaeltachta, 2005

Craoltóirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc na gcraoltóirí ata ag obair sa stáisiún tá Máirtín Tom Sheáinín agus Rónán Mac Aodha Bhuí.

Sceideal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seo mar a bhí sceideal an stáisiúin ar 28 Aibreán, 2016[4].

Am Clár Láithreoir
Luan - Aoine 07:00-8:00 Nead na Fuiseoige Gráinne Ní Dhomhnaill
08:00-9:00 Adhmhaidin Gormfhlaith Ní Thuairisg
09:15-10:15 Iris Aniar Eibhlín Ní Chonghaile
10:15-11:00 Sinéad Ar Maidin Sinéad Ní Uallacháin
11:00-12:00 Barrscéalta Áine Ní Churráin
12:08-13:00 An Saol ó Dheas Helen Ní Shé
Mícheál Ó Sé
Aogán Ó Muircheartaigh
13:00-14:00 Nuacht a hAon Bríd Ní Chualáin
14:00-15:00 Ardtráthnóna Máirtín Tom Sheáinín
15:00-16:00 Rónán Beo@3 Rónán Mac Aodha Bhuí
16:10-17:00 Cóisir Cheoil Dónall Mac Ruairí
17:00-17:55 Cormac Ag a Cúig Cormac Ó hEadhra

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Dara Ó Cinnéide (2022-04-01). "Leathchéad bliain ag éisteacht is ag insint, sé ‘teach na Gaeilge’ i gcónaí é Raidió na Gaeltachta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-27.
  2. Risteard O. Glaisne. "Raidio na Gaeltachta". 
  3. Jerry White (2009-11-17). "The Radio Eye: Cinema in the North Atlantic, 1958-1988" (as en). Wilfrid Laurier Univ. Press. 
  4. http://www.rte.ie/rnag/