Jump to content

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó RNAG)
Bosca Sonraí EagraíochtaRTÉ Raidió na Gaeltachta
Sonraí
Cineálstáisiún raidió
raidió idirlín Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1972
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
ÚinéirRaidió Teilifís Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deRaidió RTÉ Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinhttp://www.rte.ie/rnag

Facebook: RTERnaG X: rternag Instagram: rternag Youtube: UCVnVvCxtNblxUzVRRxGdy5g Cuir in eagar ar Wikidata

Seirbhís lán-Ghaeilge raidió is ea RTÉ Raidió na Gaeltachta (nó go neamhfhoirmeáilte RnaG), a thosaigh ag craoladh ó Chasla, Conamara ar Dhomhnach Cásca, 1972.[1] Cé gur ar phobail Ghaeltachta is mó a dhéanann sé freastal, tá an-líon éisteoirí aige go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.[2]

Tá fáil ar an stáisiún ar fud Phoblacht na hÉireann ar an ard-mhinicíocht (FM), ar an meántonn sa Ghaeltacht fhéin, ar chóras satailíte ar fud na hEorpa, agus ar an idirlíon. Craoltar ar 92-94 agus ar 102.7 fm é ar oileán na hÉireann.

Ceanncheathrú RnaG i gCasla, Contae na Gaillimhe

Is cuid den tseirbhís chraoltóireachta phoiblí RTÉ é Raidió na Gaeltachta.

Tá trí phríomhstiúideo ag RnaG: Casla, Conamara; Bóthar na Léinsí, Corca Dhuibhne; Gaoth Dobhair, Tír Chonaill, maille le slám stiúideonna beaga i nGaeltachtaí eile timpeall na hÉireann.

Mar spraoi, tugtar "Garraí Pheter William" ar cheanncheathrú Raidió na Gaeltachta go fóill i gcuimhne ar ainm na háite sular tógadh foirgneamh an stáisiúin.

Sa bhliain 2024, chuir RnaG tús le déanaí le fógraí ar íocaíocht a chraoladh, an chéad uair a ceadaíodh a leithéid ó bunaíodh an stáisiún 50 bliain ó shin. Chuir RTÉ Raidió na Gaeltachta deireadh leis an gcosc a bhí ag an stáisiún ar fhógraíocht ar íocaíocht ó bunaíodh é i 1972 mar gheall ar an dualgas reachtúil nua atá ar chomhlachtaí poiblí méid áirithe fógraí a chur i nGaeilge. Faoin reachtaíocht teanga tá ar chomhlachtaí poiblí 20% dá bhfógraíocht a dhéanamh i nGaeilge gach bliain agus 5% dá mbuiséad fógraíochta a chaitheamh ar fhógraí ar na meáin Ghaeilge.[3]

Ach bhí caint tarraingthe ag droch-chaighdeán na teanga agus na foghraíochta ar chuid de na fógraí stáit sin. Bhí chuid de na fógraí a chraoladh ar Raidió na Gaeltachta “dothuigthe”. Anois ní craoltar aon fhógra ar an stáisiún mura bhfuil caighdeán na Gaeilge agus na foghraíochta ann ‘sách ard’.[3]

Bhí 28 Márta 1970 ina lá stairiúil do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge nuair a thosaigh an stáisiún bradach, Saor-Raidió Chonamara ag craoladh ar Dhomhnach Cásca 1970.[4] Dhá bhliain níos déanaí, thosaigh Raidió na Gaeltachta ag craoladh ó Chasla ar Dhomhnach Cásca, 1972.

Ón bhliain 2000 amach tá an stáisiún ag craoladh 24 uair sa lá.

Dáithí Ó Muirí, 'Glór Anoir', RTÉ Radio na Gaeltachta, 2005

I measc na gcraoltóirí ata ag obair sa stáisiún tá Máirtín Tom Sheáinín agus Rónán Mac Aodha Bhuí.

Seo mar a bhí sceideal an stáisiúin ar 28 Aibreán, 2016[5].

Am Clár Láithreoir
Luan - Aoine 07:00-8:00 Nead na Fuiseoige Gráinne Ní Dhomhnaill
08:00-9:00 Adhmhaidin Gormfhlaith Ní Thuairisg
09:15-10:15 Iris Aniar Eibhlín Ní Chonghaile
10:15-11:00 Sinéad Ar Maidin Sinéad Ní Uallacháin
11:00-12:00 Barrscéalta Áine Ní Churráin
12:08-13:00 An Saol ó Dheas Helen Ní Shé
Mícheál Ó Sé
Aogán Ó Muircheartaigh
13:00-14:00 Nuacht a hAon Bríd Ní Chualáin
14:00-15:00 Ardtráthnóna Máirtín Tom Sheáinín
15:00-16:00 Rónán Beo@3 Rónán Mac Aodha Bhuí
16:10-17:00 Cóisir Cheoil Dónall Mac Ruairí
17:00-17:55 Cormac Ag a Cúig Cormac Ó hEadhra
Príomhalt: An Pod Polaitiúil

I rith na stocaireacht roimh Olltoghchán 2024 ó dheas, chuir RnaG an podchraoladh An Pod Polaitiúil ar bun chun "an t-eolas is déanaí faoi na vótaí, tacaíocht na n-iarrthóirí éagsúla agus staid na bpáirtithe a chur i láthair an phobail."[6]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Dara Ó Cinnéide (2022-04-01). "Leathchéad bliain ag éisteacht is ag insint, sé ‘teach na Gaeilge’ i gcónaí é Raidió na Gaeltachta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-27.
  2. Risteard O. Glaisne. "Raidio na Gaeltachta". 
  3. 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2024-05-17). "Raidió na Gaeltachta le deireadh a chur le fógraí Gaeilge ‘dothuigthe’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-18.
  4. Jerry White (2009-11-17). "The Radio Eye: Cinema in the North Atlantic, 1958-1988" (as en). Wilfrid Laurier Univ. Press. 
  5. http://www.rte.ie/rnag/
  6. Máirín Ní Ghadhra (15 Samhain 2024). "RTÉ Raidió na Gaeltachta i mbun sraith podcraoltaí toghcháin". RTÉ. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 17 Samhain 2024. Dáta rochtana: 17 Samhain 2024.