Purt le Moirrey

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Bóthar Radharc na Bá, Purt le Moirrey

Baile beag ar chósta theas Oileán Mhanann is ea Purt le Moirrey (Gaeilge: Port Mhuire, Béarla: Port St. Mary). De réir dhaonáireamh 2006, tá 1913 duine ina gcónaí sa bhaile.

Tá sé suite in iardheisceart an oileáin i ngar do Purt Çhiarn. Tá stáisiún traenach de chuid Iarnród Mhanann ar an taobh thiar thuaidh den bhaile.

Tá Cúrsa Gailf Phurt le Moirrey ann, an t-aon chúrsa gailf le 9 bpoll ar an oileán, chomh maith le Scoil Phurt le Moirrey, bunscoil a osclaíodh sa bhliain 1993. Tá Club Luamhaireachta Mhanann lonnaithe ansin freisin.