Colby, Oileán Mhanann
Appearance
Colby, Oileán Mhanann | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Spleáchas na Corónach | Oileán Mhanann |
Sráidbhaile i ndeisceart Oileán Mhanann is ea Colby. Tá sé suite in Skeerey Chairbre, ar an mbóthar A7 idir Balley Chashtal agus Purt Çhiarn i ngar don sráidbhaile Balley Beg.
Stair agus áiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagann an focal Colby ó na focail Lochlannacha Col ("cnoc") agus Byr ("baile" nó "gabháltas").
Tá stáisiún traenach de chuid Iarnród Mhanann sa sráidbhaile.
Imríonn an club sacair Colby F. C. a chuid cluichí ag Raad y Ghlion (Bóthar an Ghleanna).
Gleann Cholby
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is gleann beag é Gleann Cholby atá suite taobh thuaidh den bhaile, ceann de na 17 Gleann Náisiúnta ar an oileán. Cuimsíonn sé 4.9 acra, agus tá crainn fuinseoige, feá, leamháin, agus seiceamair ann. Ritheann Abhainn Cholby tríd an ngleann freisin.