Purt Soderick

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilPurt Soderick

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°07′21″N 4°31′57″W / 54.1226°N 4.5324°W / 54.1226; -4.5324
Spleáchas na CorónachOileán Mhanann Cuir in eagar ar Wikidata

Sráidbhaile beag ar an taobh theas de Doolish, príomhbhaile Oileán Mhanann, is ea Purt Soderick (Béarla: Port Soderick). Lá den saol bhí aithne ar an sráidbhaile mar gheall ar na páirceanna pléisiúir agus an trá atá ann. Rinneadh iarrachtaí éagsúla thar na blianta an ceantar a athnuachan, ach níor éirigh le haon cheann de na hiarrachtaí sin. Tá suim mhór ag daoine san áit mar sin féin, de bhrí go bhfuil rudaí spéisiúla agus timpeallacht den am atá caite fós le feiceáil ann. Tá promanáid bheag agus óstán (darb ainm "The Anchor") fós ann in aice leis an trá, mar aon le siúlbhealach crochta (atá dúnta anois mar gheall ar chúrsaí sábháilteachta), áit imeartha do pháistí, caladh a bhfuil seirbhísí farantóireachta áitiúla ag freastal air, beirtreacha oisrí, foirgneamh mór ina raibh ionad siamsaíochta, linn lapadaíola, agus rochtain ar Ghleann Phurt Soderick. Is saghas scáilbhaile an áit sa lá atá inniu ann, cé go raibh iarnród cáblach ann fadó a cheangail an sráidbhaile le hiarnród ag barr na haille, agus tá iarsmaí fós le feiceáil ann.