Skeerey Lonan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Seanséipéal Lonan, Cill Naomh Adamnan
Skeerey Lonan

Paróiste (Manainnis: skeerey) in Oileán Mhanann is ea Skeerey Lonan (Béarla: Lonan). Tá sé suite sa sheadin Garff ar chósta thoir an oileáin. Síneann an paróiste ó Glion Coon sa deisceart go dtí mianaigh Sniaul agus Coirnéal Çhibbyr Slieau Maggle (Tobar Shliabh an Mhagairle) ar an ráschúrsa TT. Ceantar ard atá ann, sléibhtiúil agus folamh in áiteanna, agus titeann sé go géar isteach san fharraige, taobh amuigh de roinnt gleannta doimhne seascaire. Is é Mullagh Ouyr (491m) an pointe is airde sa bparóiste.