Skeerey Rosien

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilSkeerey Rosien

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°05′05″N 4°44′51″W / 54.0847°N 4.7475°W / 54.0847; -4.7475
Spleáchas na CorónachOileán Mhanann
SheadinRosien Cuir in eagar ar Wikidata

Paróiste (Manainnis: skeerey) in iardheisceart Oileán Mhanann is ea Skeerey Rosien (Béarla: Rushen). Is ceantar iascaireachta agus feirmeoireachta é an paróiste. Tá sé suite sa sheadin a bhfuil an t-ainm céanna air, Rosien, in éineacht le paróistí Chairbre agus Malew. Is é 24.6 km² an t-achar agus tá 1,591 duine ina gcónaí ann de réir dhaonáireamh 2006 (gan Purt le Moirrey agus Purt Çhiarn a bheith san áireamh). Síneann sé ó Halley'n Traeie (Halla na Trá) leath bhealaigh idir Balley Chashtal agus Purt le Moirrey go dtí na haillte taobh thiar de Cronk ny Arrey Laa (Cnoc na Faire Lae). Tá sé roinnte ina dhá pháirt. Tá an phríomhpháirt suite ar an taobh thuaidh agus thoir thuaidh de Purt le Moirrey agus Purt Çhiarn. Tá an pháirt níos lú suite ar an taobh theas agus thiar theas de na sráidbhailte sin; tá Creneash, Yn Cholloo, agus an dá oileáinín Famman Kitterland agus Carrick ny Colloo sa pháirt seo.

Reiltys[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Skeerey Rosien faoi stiúir Coimisinéirí Skeerey Rosien[nasc briste go buan]. Tagann siad le chéile ag cruinnithe i Halla Balley Phesson.

Liosta Captaen Skeerey Rosien[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá gach captaen ón bhliain 1627 ar an liosta seo:

  • 1627 - Thomas Qualtrough
  • 1644 - William Gawne
  • 1776 - Thamas Gawne
  • 1797 - Edward Gawne
  • 1838 - Edward Moore Gawne
  • 1872 - John Thomas Clucas
  • 1887 - William Baring Stevenson
  • 1894 - John Donald Clucas
  • 1939 - Edward Murray Gawne
  • 1970 - Edward Richard Murray Gawne
  • 1998 - Stanley Ditchfield Clucas

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]