Skeerey Andreas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilSkeerey Andreas

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°22′01″N 4°26′42″W / 54.367°N 4.445°W / 54.367; -4.445
Spleáchas na CorónachOileán Mhanann
SheadinInver Ayre Cuir in eagar ar Wikidata

Paróiste (Manainnis: skeerey) i dtuaisceart Oileán Mhanann is ea Skeerey Andreas (Béarla: Andreas). Tá sé suite sa sheadin (dúiche) Inver Ayre, in éineacht le paróistí Breeshey agus Creest ny h-Ayrey. Síneann an paróiste ó Yn Lhen Vooar ar an gcósta thiar thuaidh go dtí Breeshey. Tá Jorby ar an taobh thiar den pharóiste, Creest ny h-Ayrey ar an taobh theas, Breeshey ar an taobh thoir, agus Muir Éireann ar an taobh thuaidh. Tá an sráidbhaile Andreas suite sa bparóiste.