Skeerey Charmane

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilSkeerey Charmane

Suíomh
Map
 54°14′06″N 4°36′25″W / 54.235°N 4.607°W / 54.235; -4.607
Spleáchas na CorónachOileán Mhanann
SheadinGlion Faba Cuir in eagar ar Wikidata

Paróiste (Manainnis: skeerey) in Oileán Mhanann is ea Skeerey Charmane (Béarla: German). Tá sé suite sa sheadin Glion Faba. Sna seanlaethanta, ba chuid den pharóiste é Purt ny h-Inshey, áit ina bhfuil Ard-Eaglais Charmane. Tá Balley Keeill Eoin, áit ina mbíonn Féile Tinvaal ar siúl gach bliain, sa bparóiste. Is ceantar cnocach é den chuid is mó, seachas talamh réidh cois fharraige i ngar do Phurt ny h-Inshey. Tá paróistí Maayl ar an taobh thuaidh de, Braddan agus Marooney ar an taobh thoir, agus Perick ar an taobh thiar theas. Tá Muir Éireann ar an taobh thiar thuaidh den pharóiste.