Connaghyn
Appearance
Connaghyn | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Spleáchas na Corónach | Oileán Mhanann | |||
Sheadin | Garff |
Paróiste (Manainnis: skeerey) in Oileán Mhanann is ea Connaghyn nó Ardjyn Chonnaghyn (Béarla: Onchan). Is toghcheantar é don Cheathrar agus Fiche freisin, agus tá beirt teachtaí tofa ann. Tá an paróiste suite sa sheadin Garff, cé gur chuid de Medall é san am ata caite. Tá paróiste Lonan ar an taobh thoir thuaidh de, paróiste Braddan ar an taobh thiar thuaidh, Doolish ar an taobh thiar theas, agus Muir Éireann ar an taobh theas. Is iad Carn Gerjoil (445 m) agus Slieau Ree (316 m) na pointí is airde. De réir dhaonáireamh 2006, bhí 9,172 duine ina gcónaí sa bparóiste. Is é Kione Droghad, bruachbhaile de chuid Doolish, an baile is mó sa bparóiste.