Balley ny Loghey

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBalley ny Loghey

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°18′40″N 4°32′38″W / 54.311°N 4.544°W / 54.311; -4.544
Spleáchas na CorónachOileán Mhanann
SheadinMaayl Cuir in eagar ar Wikidata

Sráidbhaile in Skeerey Valley ny Loghey, Oileán Mhanann is ea Balley ny Loghey (Gaeilge: Baile an Locha, Béarla: Ballaugh). Níl aon bhaile ná sráidbhaile eile sa skeerey (paróiste).

Tá sé suite ar an mbóthar A3, an príomhbhóthar idir Balley Chashtal agus Rhumsaa. Is cuid de Coorse y Clieau (Slí an tSléibhe) an bóthar sin. Tá sé seacht míle taobh thiar de Rhumsaa, i ngar do Droghad Valley ny Loghey, droichead cruiteach atá in úsáid le linn na Rásaí TT ar an oileán.

Tá teach tábhairne amháin in Balley ny Loghey - an "Raven" - agus siopa amháin ina bhfuil oifig an phoist agus caifé beag.

Tá bunscoil amháin sa sráidbhaile le haghaidh páistí idir 4 agus 11 bhliain d'aois. Faoi láthair tá 80 dalta ag freastal ar an scoil. I ndiaidh na séú bliana, freastalaíonn na daltaí ar Ardscoil Bhanríon Eilís II in Purt ny h-Inshey nó ar Scoil Ghramadaí Rhumsaa.