Crosbaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCrosbaí

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°10′50″N 4°34′00″W / 54.1806°N 4.5667°W / 54.1806; -4.5667

Is baile beag é Crosbaí, (a chiallaíonn Baile na Croise) (Gaeilge Mhanann: Balley ny Croshey, Béarla: Crosby) atá 6 km siar ó Dúglas (Béarla: Douglas), Oileán Mhanann ar an A1, an príomhbhóthair idir Dúglas agus Purt na hInse. Tá daonra de thart ar 900 aige. Sreabhann an Awin Doo tríd an sráidbhaile.

An sráidbhaile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teach pobail ársa - Naomh Runius

Tá an sráidbhaile suite i lár pharóiste Mharooney ar an A1, an príomhbhóthar idir Dúglas agus Purt na hInse. Tá an teach pobail ársa 'Naomh Runius', an chéad eaglais a bhí sa pharóiste go dtí gur tógadh an séipéal nua i gCrosbaí, sa bhliain 1859. Téann cuid den tseaneaglais ar ais go dtí an 12ú haois.