Peadar Lamb

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPeadar Lamb
Beathaisnéis
Breith1930
Gaillimh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1 Meán Fómhair 2017
86/87 bliana d'aois
Dún Laoghaire-Ráth an Dúin, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmaisteoir, aisteoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairCharles Lamb

IMDB: nm0483000 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba dhuine de mhóraisteoirí na hÉireann é Peadar Lamb (24 Nollaig 1929 - 1 Meán Fómhair 2017). Bhí Peadar Lamb ar dhuine de na haisteoirí Éireannacha ab aitheanta agus ba chruógaí dá raibh – ar stáitse, ar teilifís agus i scannáin.[1][2]

An Cheathrú Rua

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'as an mBóthar Buí, An Cheathrú Rua, i gConamara ó dhúchás é. Mac leis an ealaíontóir mór le rá Charles Lamb ba ea é.[3] B’iníon le Ford Madox Ford, úrscéalaí agus file Sasanach, ar de bhunadh na Gearmáine í, máthair Pheadair, Katharine. D’oibrigh sí mar thréidlia ar feadh tamaill i gConamara, neamhchoitianta ag an am.

Oileadh Peadar Lamb sna 1950idí mar bhunmhúinteoir i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach. Bhí Earnán de Blaghd ina bhainisteoir ann ag an am agus é ag earcú aisteoirí a bheadh chomh líofa i nGaeilge agus a bheidís i mBéarla.

Coláiste Phádraig i nDroim Conrach

Ar stáitse[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Micheál Mac Liammóir a thug a chéad pháirt do Lamb ar stáitse na Taibhdheirce i nGaillimh agus a dhráma féin Diarmaid agus Gráinne á léiriú. Chuaigh Lamb le hAmharclann na Mainistreach, ó bhí a chéad pháirt aige i ndráma ansin sa bhliain 1954.

Ba leis an amharclann náisiúnta a dhaingnigh Lamb a cháil mar aisteoir den scoth.[4] Bhí sé sna drámaí An Giall, The Shadow of a Gunman, The Shaughran, The Sanctuary Lamp, The Quare Fella, agus Philadelphia Here I Come.

Chuaigh Lamb timpeall Mheiriceá Thuaidh le The Playboy of the Western World sa bhliain 1990.

Teilifís agus scannáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí aithne mhór ar Pheadar Lamb i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta. Ba mhinic é ag aisteoireacht ina theanga dhúchais, i saothair ar nós Ros na Rún, Cré na Cille, , In Ainm an Athar, agus Níor Mhaith Liom do Thrioblóid.

Teach Fr. Ted

Bhí Lamb le feiceáil agus le cloisteáil go minic freisin ar RTÉ i gcaitheamh na mblianta.

Bhí páirteanna aige i Fair City, Father Ted, The Field, Far and Away and Michael Collins ar an scáileán mór.

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith Lamb cuid mhór dá shaol i mBaile Átha Cliath. Bhí sé pósta (sa bhliain 1965) leis an aisteoir cáiliúil Geraldine Plunkett agus cúigear clainne aige.[5]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]