The Field (scannán)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
WD Bosca Sonraí LeabharThe Field (scannán)
The Field
Richard Harris 2.jpg
Sampla de scannán
Sonraí teicniúla
Teanga An Béarla
Foilsithe An Ríocht Aontaithe agus Éire, 1990 agus 1991 Edit the value on Wikidata
Sonraí an tsaothair
Séanra scannán dráma agus íomhá
Suíomh an scéil Éire
Ainmniúchán & duaiseanna
Ainmnithe le haghaidh Academy Award for Best Actor (en) Aistrigh

Rinne an scannán sa bhlian 1990 I gConamara, Co. Gaillimh. Tá an scannán seo scríofa agus stiúrtha ag Jim Sheridan le Richard Harris, John Hurt, Sean Bean, Brenda Fricker agus Tom Berenger pairteach in san scannán mar aistoirí. Tagann an scannán seo ón drama a scríobh John B. Keane i 1965. Bhí leabhair scríofa faoin drama chomh maith agus úsáideann siad é ar feadh an Ardteist. Thosaigh siad an scannán I 1930 I Ciarraí ach bhí an meid is mó den scannán dírithe in san Gaillimh.

Plota[cuir in eagar | athraigh foinse]

[1]Is feirmeoir é Bull McCabe agus chuireann sé asal marbh i loch a bhfuil in aice láimhe. Ní raibh an asal seo, asal Bull McCabe. Tagann sé ar áis go dtí Bull McCabe go raibh sé a mhac Tadhg a mharaigh an asal. Dúirt Tadhg go raibh an asal ar dtalamh na McCabes agus go raibh sé ag chuir isteach ar. Bhí an úinéir den asal an míshásta faoin bás agus duirt se le Bull McCabe go chosnódh an bás seo ‘airgead fola’.

Is scannán an difriúil é ‘The Field’. Tá sé bunaithe ar saol Bull McCabe agus an talamh a bhfuil aige agus a bhí sé ag tabhairt aire do ar feadh blianta. Baineann an talamh go dtí baintreach agus ar tar éis a fear céile a bheith marbh ar feadh 10 mbliana chuireann sí an talamh suas ar an mhargadh le díol go dtí an poiblí gan é a tabhairt díreach go dtí na McCabes. Tar éis é seo a cloisteáil bíonn buile ar Bull McCabe. Nuair a faigheann sé amach go bhfuil duine Meiriceánach ag iarraidh an talamh, déanann Bull McCabe gach uile rud a bhfuil sé in ann a dhéanamh gan an talamh a thabhairt go dtí Peter, an Meiriceánach.[2]

Gan eolais ar bith ag Bull McCabe, bhí a mhac Tadhg ag tabhairt am uafásach don baintreach agus shíl sí go raibh an athar taobh thiar de. Cheap sí go raibh sé ag tabhairt an am uafásach dí chun an talamh a díol go dtí an chlann. Nuair a chuala Bull Mccabe go raibh an talamh ag dul suas ar an margadh ar díol, téann sé síos go dtí an teach tábhairne ag rá nach raibh aon duine chun tairiscint a dhéanamh ar mar ba é a talamh agus bhí sé chun é a cheannach.

Bíonn amhras leanúnach ag Bull McCabe faoi cumas Tadhg a bheith in ann aire a thabhairt don réimse nuair a bhfuil am Bull suas. Fuair a mac níos sine (Seamie) bás nuair a bhí sé 13, thóg sé a shaol féin. Cuireann McCabe an milleán ar féin faoi bás Seamie, tosc gur dúirt sé leis nach bhféadfadh an réimse tacú ach le teaghlach amháin agus go mbeadh ar Tadhg dul ar imirce nuair a bhfuil sé níos sine. Ní bíonn McCabe agus a bean chéile ag caint anois agus níor caint siad ón 18 mbliana a bhfuil tar éis imiithe thart ó bhás Seamie.

Tagann Peadar go dtí an sráidbhaile, áit ina bhfuil sinsearach aige. Tá plean aige chun gléasra nua agus bóithre nua a thógáil in san ceantar agus lárnach chun an plean sin a chur I gcrích. Ag an margadh, cuireann Peadar tairiscint de 80 punt ar an réimse, 30 punt níos mó ná an méid airgead a bhfuil ag Bull. Tá an baintreach ag feachaint ar an troid faoin réimse agus de réir sin, deireann sí leis an beirt acu go mbeadh margadh nua amarach leis an praghas ag tosú ag 100 punt. Bhí a fhios ag Bull nach raibh sé in ann níos mó airgead a tabhairt go dtí an baintreach ná Peadar. De réir seo, d’imigh Bull McCabe síos chun caint le Peadar faoin réimse. Faigheann Bull McCabe amach faoi na rudaí a raibh Tadhg ag déanamh go dtí an baintreach, go díreach faigheann sé réidh leis ón gcruinniú. Tar éis le Tadhg an cruinniú a fhágáil thosaíonn Bull McCabe ag insint faoi an grá a bhfuil aige don réimse. Ta go leor rudaí a tharla ar an réimse a fanann leis, mar shampla bás a mháthair a tharla nuair a bhí sí ag iarraidh sábháil roinnt bannaí féir.

Ach níl Peadar sasta a phleananna a thabhairt suas. Togann Bull McCabe agus Tadhg sean amháin eile chun caint le Peter in aice leis an eas a cheannaigh sé, oíche roimh an dara margadh. Bíonn troid mór ag Tadhg agus Peter faoin réimse agus nuair nach féidir le Tadhg an bhuachaint a fháil, déanann McCabe idirghabháil agus buaileann sé an bheirt acu. Chuireann sé Peter chun bás agus de bharr é seo bíonn briseadh síos meabhrach aige. Tosnaíonn sé ag smaoineamh faoi a mhac Seamie. Go tobann ritheann Tadhg as go dtí an cailín a bhfuil sé i ngrá le. Is taistealaí í. Deireann sé leí gur mharaigh sé Peadar. Níl Bull McCabe in ann é féin a thabhairt go dtí an dara margadh, ach téann a chara Bird O’Donnell dó agus faigheann sé an réimse ar feadh 101 punt, gan freasúra.

Tar éis é seo go léir, feiceann buachaill an t-asal marbh sa loch. Tugtar craein isteach chun é a aisghabháil. Ag an am céanna tagann Tadhg abhaile chun an scéal a insint dó, go raibh sé ag ag imeacht le hiníon an taistealaí agus níor theastaigh an réimse uaidh riamh. Tagann an sagart chun ceisteanna a chur ar Bull faoi chorp Pheadair. De réir a mhac a bheith imithe thar lear agus chorp Peadar faighte, téann McCabe as a mheabhair agus seolann sé a eallach I dtreo na haille. Cuireann Bird O’Donnell eolais chuig Tadhg go bhfuil a athair tar éis dul as a meabhair. Tagann Tadhg ar ais chun stop a chuir leis ach chuireann an tread eallach é thar imeall na haille agus faigheann sé bás. Níos measa fós le brón, déanann McCabe iarracht na dtonnta a thiomáint ar ais óna mhac a bhfuil marbh. Tá máthair Tadhg agus iníon an taistealaí ag suí ar bharr na haille ag caoineadh.

Aisteoirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

 [3]Rugadh Ricard Harris ar an gcéad lá de mí Deireadh Fomhair i Luimneach. Teaghlach feirmeoireachta ab ea a theaghlach agus bhí ocht deartháireacha agus deirfiúracha aige. D'fhreastail sé ar Coláiste an Chorráin, scoil jesuit, agus d'imir sé rugbaí go leibhéal ard. Nuair a gortaíodh é féin agus ní raibh sé in ann imirt arís, thit sé i ngrá leis an aisteoireacht. Fuair sé bás ar an 25 Deireadh Fomhair 2002 i Londain, bhí sé 72 bliana d'aois. 
  • Tom Berenger mar Peadar – An Meiriceánach ‘Yank’
 [4]Rugadh Tom Berenger i Chicago, Meiriceá ar an 31 Bealtaine 1949. ainmní Oscar agus buaiteoir Ghradam Golden Globe agus Gradam Emmy, ardaíodh é i dteaghlach Caitliceach de shliocht na hÉireann. D’fhreastail Tom ar Ollscoil Missouri chun staidéar a dhéanamh ar iriseoireacht. 
 [5]Bhí Sean Bean mar chuid den raidió, amharclann, teilifís agus scannáin ó na ochtóidí. D’oibrigh sé dá athair sular shocraigh sé a bheith ina aisteoir. Tá sé ina chonaí i Londain anois lena chlann, tá trí iníonacha aige Lorna, Molly agus Evie. Chomh maith leis sin tá grá ollmhór aige ar feadh an foireann sacar Sheffield United FC, an áit ina rugadh é.
  • Frances Tomelty mar Baintreach
 [6]Rugadh Frances Tomelty ar an 6 Deireadh Fomhair 1948 i mBéal Feirste, i dTuaisceart na Éireann. Bhí sí pósta le Sting agus bhí dhá pháiste acu.
 [7]Is aisteoir as Baile Átha Cliath í Brenda Fricker. Fuair sí taithí iontach nuair a raibh sí ag an Amharclann Náisiúnta, an Royal Shakespeare Company, agus an Court Theatre Company sa Bhreatain Mhór. 
 [8]Rugadh Juhn Hurt ar an 25 Eanáir 1940, i Shirebrook, Sasanna. Ba é stráidbhaile mianadóireacht guail Shirebrook. Thosaigh John le ealaín ar scoil sular aistrigh sé a ghrá chuig aisteoireachta. Fuair John bás trí lá ina dhiadh a 77 breathlá ar an 25 Eanáir 2017 de bharr ailse. 
  • Ruth McCabe mar Thinker Woman
  • Joan Sheehy mar an dara Thinker Woman
  • Jenny Conroy mar Katie – Thinker Girl
  • Jer O’Leary mar Athair an Thinker Girl
 [9]Rugadh Jer O'Leary in Éirinn. Bhí sé posadh le Eithne O'Brien agus bhí triúr páistí acu. Fuair sé bás ar an 26 Nollaig 2018. 
  • Sean McGinley mar Athair Chris Doran
 [10]Rugadh Sean McGinley i 1956 i Gaoth Dobhair, Dún na nGall. Is aisteoir agus scríbhneoir é. Tá sé pósta le Marie Mullen ó 1990 agus ta dhá pháistí acu. 
  • Malachy McCourt mar Sáirsint
 [11]Rugadh Malachy McCourt ar an 20 Meán Fómhair 1931 i Brooklyn, Nua Eabhrac ach tógadh é i Luimneach. Theip sé ar gach uile ábhar ar scoil seachas Béarla. D'fhill sé ar Meiriceá i 1952 agus thosaigh sé ag obair láithreach. Tar éis tamall thosaigh sé ag aisteoireacht agus fuair se post sa raidió. Bhí a thaispeántas an 'tumultous' agus dúirt daoine go raibh náire ar mhuintir na hÉireann faoi. 
 [12]Rugadh Brendan Gleeson i mBaile Átha Cliath 1955. Bhí gra mór aige ar feadh an staidéir in san seomra ranga agus taobh amuigh den seomra ranga chomh maith. Tar éis scoil, glac sé páirt i 'Dublin Shakespere Festival' agus tar éis a bheith páirteach ansin, dúirt an stiúrthóir leis dul chuig Londain go dtí na scoileanna drámaíochta. 
  • Agus bhí Tommy Walsh ann mar aisteoir breise

An Dráma[cuir in eagar | athraigh foinse]

[13]Taispeánadh an dráma don chéad uair i 1965 san Olympia Theatre i mBaile Átha Cliath. D'imir Ray McAnaly mar Bull McCabe in san dráma agus Eamon Keane mar 'The Bird' O'Donnell. D’fhoilsigh Mercier Press an dráma don chéad uair i 1966. Cúpla blian ina dhiadh sin i 1987 bhí athrucáin beaga déanta chuig an scéal-líne.

[14]Bhí an dráma bunaithe faoi Moss Moore, feirmeoir i Co. Ciarraí. Bhí tríd beag faoi fál teorann le Dan Foley. Ba é comharsa and cara Moss é Dan ach de réir an tríd beag seo bhí siad ag dul chuig ná cúirte. Nuair a maraíodh Moore roimh an triail bhí Foley amhras uimhir a haon. Bhí go leor faoin dúnmharú seo in san mbaile mar is annamh a bhí dúnmharuithe ann.

Bhí corp Moss Moore ar iarraidh ar feadh 10 lá sula bhfuarthas é. Fuarthas é in aice le sruthchúrsa beag i lár na háite. D’éirigh Foley as an dúnmharú agus fós go dtí an lá seo níl a fhios ag aon duine cé a rinne é.

Athbhreithnithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí go leor athbhreithnithe déanta faoin scannán seo. Tá go leor dóibh iontach maith ach ag an am céanna tá cúpla dóibh go dona. Tá dhá shampla thíos, céann amháin dóibh go maith agus an céanna eile go dona.

Rotten Tomatoes[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug Rotten tomatoes 43% don scannán seo ó athbhreithnithe de 14 daoine. Chun an fhírinne a rá athbhreithnithe mícothrom I mo thuairim féin ach sin mar a tá ar rotten tomatoes. Tugann daoine eagsúla a smaointe faoin scannán agus de bhar ná smaointe go léir sin faigheann an scannán athbhreithniú. Thug Chuck Rudolph ó Matinee Magazine scór 2/5 don scannán I 2002. Dúirt sé go raibh loiceadh ag Jim Sheridan leis an scannán agus go raibh ionad ar nach raibh Richard Harris in ann cloím an scéal. [15]

IMDb[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí ná athbhreithnithe ar IMDb an difriúil o Rotten Tomatoes. Tá 55 athbhreithniú ar an suíomh seo agus go leor dóibh dearfach ach ag an am céanna tá roinnt diúltach ann chomh maith. Scríobh raymond_chandler faoi cé chomh iontach is a raibh Richard Harris in san scannán agus thug sé scór 9/10 go dtí an scannán. An chéad line in san athbhreithniú dúirt Chandler ‘dá mbeadh suim agat san aisteoireacht, féach ar an scannán seo. Bá é taispeántas Richard Harris in san scannán seo chomh maith is a fhaigheann sé.’ [16]

Damhachtainí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Richard Harris ainmniúcháin ó Academy Award agus Golden Globe ar feadh a taispeántais in san scannán.

I 1996, thug An Post aitheantas go dtí an scannán nuair a chuir siad pictúir ón scannán ar an 32p stampa leis na aisteorí Harris, Bean agus Hurt air.

Thuill an scannán £1,168,613 ón Ríocht Aontaithe féin. Níl aon eolais faoin meid airgead a fuair siad ó Éirinn agus gach tír eile.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "The Field (film)" (in en) (2021-01-23). Wikipedia. 
  2. "The Field". Box Office Mojo. Dáta rochtana: 2021-02-15.
  3. "Richard Harris". IMDb. Dáta rochtana: 2021-02-15.
  4. "Tom Berenger". IMDb. Dáta rochtana: 2021-02-15.
  5. "Sean Bean". IMDb. Dáta rochtana: 2021-02-15.
  6. "Frances Tomelty". IMDb. Dáta rochtana: 2021-02-15.
  7. "Brenda Fricker". IMDb. Dáta rochtana: 2021-02-15.
  8. "John Hurt". IMDb. Dáta rochtana: 2021-02-15.
  9. "Jer O'Leary". IMDb. Dáta rochtana: 2021-02-15.
  10. "Sean McGinley". IMDb. Dáta rochtana: 2021-02-15.
  11. "Malachy McCourt". IMDb. Dáta rochtana: 2021-02-15.
  12. "Brendan Gleeson". IMDb. Dáta rochtana: 2021-02-15.
  13. "The Field (play)" (in en) (2020-11-11). Wikipedia. 
  14. "The murder that inspired Keane's 'The Field'" (en). independent. Dáta rochtana: 2021-02-15.
  15. "The Field (1990)" (in en) . 
  16. "The Field (1990) - IMDb" .