Jump to content

Paistiúnaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Grúpa DaonnaPaistiúnaigh

Cineálgrúpa eitneach
Daonra iomlán53,000,000 Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Stáitan Phacastáin, an Afganastáin, an India, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Iaráin, an Ríocht Aontaithe, Ceanada, an Mhalaeisia agus an Rúis

Is grúpa eitneach iad na Paistiúnaigh san Afganastáin agus sa Phacastáin. Tá pobail mhóra ar an dá thaobh den teorainn, le daichead milliún acu sa Phacastáin agus fiche milliún acu san Afganastáin. Is ionann an pobal Paistiún agus 40%+ de phobal na hAfganastáine.[1] Is í an Phaistis a bpríomhtheanga.

Limistéir
Treibheanna

Tá sé mar aidhm ag an Talaban sa Phacastáin agus rialtas Talaban na hAfganastáine fáil réidh le líne Durand agus Cúige Phaistiúnastáine (Khyber Pakhtunkhwa) sa Phacastáin a aontú leis an Afganastáin sa chaoi go mbeidh an pobal Paistiúnach aontaithe in aon tír amháin.

Bhris cogadh amach in 2026. An aidhm chogaidh a bhí - agus atá - ag an Talaban ná críoch na hAfganastáine a leathnú amach agus muintir Phaistiúnach a aontú in aon tír amháin. Is gluaiseacht Paistiúnach é an Talaban.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 Cathal Ó Murchú (2026-03-20). "Bunús an chogaidh idir an Phacastáin agus an Afganastáin" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-03-21.