Paindéim Fliú 1918

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Íospartaigh an fhliú i 1918, saighdiúirí Meiriceánacha ón bhFórsa Sluaíochtain, san Ospidéal Champa Airm SAM, Uimhir 45, Aix-les-Bains.

Ba ulpóg Influenza é an Paindéim Fliú 1918 (ar a dtugtar de ghnáth an Fliú Spáinneach) agus scaip an ráig tógálach seo beagnach chuig ceithre hárda an Domhain. An víreas fliú A(H1N1) (fochineál nó sórt fliú) a bhí neamhghnách an-nimhreach agus an-mharfach ar fad, ba chúis leis. Ní fios, de réir easpa fianaise stairiúla agus eipidéimeolaíochta, tír thionscnaimh na paindéime. Aosaigh óga sláintiúla ba ea tromlach na n-íospartach, i gcomparáid agus i gcodarsnacht le ráigeanna fliú eile, nuair ba iad na daoine sna grúpaí ‘i mbaol' ná daoine aosta, óga agus mífholláin.

Bhí sé in ard a réime sa bhliain 1918. Mhair an ulpóg tamall fada - ag tosú i Márta 1918 go dtí gur dhíobh sé i Meitheamh 1920. Meastar gur fuair idir 50 milliún agus 100 milliún daoine bás de bharr an galar. Meastar freisin go raibh an galar ag trian de dhaonra an domhain, sé sin 500 milliún daoine.

Tionchar[athraigh | edit source]

Daoine mór le rá a d'éag[athraigh | edit source]

Daoine mór le rá a tháinig slán[athraigh | edit source]