Nár fhág ariamh mo chuimhne: seisear caomhnóirí Gaeilge as Maigh Eo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharNár fhág ariamh mo chuimhne: seisear caomhnóirí Gaeilge as Maigh Eo

Leabhar taighde é seo 'Nár fhág ariamh mo chuimhne: seisear caomhnóirí Gaeilge as Maigh Eo' le Fionnuala Uí Fhlannagáin, ina ndírítear ar sheisear ó Mhaigh Eo – ó cheantair Bhéal an Mhuirthead, Iorrais, Bhéal an Átha, Acla, Oileán Éadaí, agus Thuar Mhic Éadaigh – a d’imigh go Meiriceá i ndiaidh an Ghorta. Cainteoirí dúchais ab ea iad agus rinneadar go léir beart de réir a mbriathar maidir le caomhnú na Gaeilge.

Bhí ceathrar acu i mbun pinn agus thagair gach duine acu ina gcuid scríbhneoireachta do na sráidbhailte inar tógadh iad, chomh maith le himeachtaí domhanda. Is léir go raibh tarraingt nach beag ag a mbailte dúchais féin orthu. Chum na filí, Lally agus Dougher, dánta a bhain le Maigh Eo ach bhí spéis acu i ngnóthaí idirnáisiúnta freisin agus rinne siad tagairt d’imeachtaí i dtíortha eile — Sasana, An tSiria, Veiniséala agus an Tuirc. Sholáthraigh McCormick saothar próis agus Ward filíocht agus amhráin a raibh baint ag an ábhar le Maigh Eo do léitheoirí An Gaodhal.

Bhí Lavelle gnóthach le Cumainn Náisiúnta le linn dó a bheith in Cleveland agus ba dhuine de bhunaitheoirí an chéad chumainn Gaeilge i gCeanada é. Ba é Henehan, a bhí cairdiúil le hEoghan Ó Gramhnaigh, príomhbhunaitheoir Chonradh Gaeilge Mheiriceá.

Cuireann an t-údar mionsonraí faoin seisear ar fáil, a thugann léargas ar a stádas agus a seasamh i measc na nGael thall.

Bhuaigh an leabhar seo Duais Leabhar Taighde na Bliana ón Chomhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann, sa bhliain 2021. [1]

Sonraí eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Praghas €15.00.
  • ISBN: 978-1-9162403-5-3
  • Líon leathanach: 240
  • Foilsitheoir:Comhar
  • Bliain foilsithe: 2020

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]