Michel Houllebecq

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Michel Houellebecq
Michel Houllebecq
Michel Houellebecq no Fronteiras do Pensamento Porto Alegre 2016 (30895029365) (cropped).jpg
Saol
Ainm iomlán Michel Thomas
Eolas breithe Saint-Pierre, Feabhra 26, 1958(63 bliain d’aois)
Náisiúntacht An Fhrainc
Teanga dhúchais An Fhraincis
Muintir
Céile/Céilí Qianyun Lysis Li (en) Aistrigh  (Meán Fómhair 21, 2018 -
Oideachas
Alma mater Lycée Cristina Cordula (en) Aistrigh
Institut National Agronomique Paris-Grignon (en) Aistrigh
École nationale supérieure Louis-Lumière (en) Aistrigh 1981)
Teangacha An Fhraincis
Gairm
Gairm file, stiúrthóir scannán, cumadóir amhrán, scríbhneoir aistí, úrscéalaí, scríbhneoir scripte scannáin, aisteoir, scríbhneoir, scríbhneoir ficsean eolaíochta agus údar
Fostóirí Ministry of Agriculture of France (en) Aistrigh
Logica (en) Aistrigh  (1983 -
Tionól Náisiúnta na Fraince  (1990 -  1996)
Saothar iomráiteach The Map and the Territory (en) Aistrigh
Whatever (en) Aistrigh
Atomised (en) Aistrigh
The Possibility of an Island (en) Aistrigh
Platform (en) Aistrigh
Soumission (en) Aistrigh
Duais
Ainmníodh é/í le haghaidh
Daoine le tionchar air/uirthi Blaise Pascal, Georges Perec (en) Aistrigh, H. P. Lovecraft, Clifford D. Simak, Arthur Schopenhauer, Aldous Huxley, Immanuel Kant, Honoré de Balzac agus Bret Easton Ellis
Sloinnte Michel Houellebecq
IMDb nm0396391
michelhouellebecq.com

Úrscéalaí agus file Francach is ea Michel Houellebecq (1956). Bronnadh Duais Goncourt - an gradam litríochta is airde sa Fhrainc - in 2010 ar a úrscéal La Carte et le Territoire (An Léarscáil agus an Ceantar). Chaith sé seal ina chónaí in Éirinn.

A saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh é, leis an ainm Michel Thomas, an 26 Feabhra 1956 in La Réunion, oileán Francach san aigéan Indiach. Deir sé ar a shuíomh gréasáin gur chaill a thuismitheoirí aon suim a bhí acu ann go luath ina shaol; d'imigh a mháthair lena leannán go común hipithe sa Bhrasaíl [1]. Agus é cúig mhí d'aois, cuireadh chuig a sheanmháthair ar thaobh a mháthar san Ailgéir é, áit ar fhan sé go dtí go raibh sé bliana d'aois, nuair a seoladh chuig a sheanmháthair ar thaobh a athar sa Fhrainc é. D'fhreastail sé ar Lycée Henri Moisson, meánscoil chónaithe, in Meaux, agus ansin bhain sé céim amach san agranamaíocht. I ndiaidh colscartha agus dúlagair, thosaigh sé ag scríobh filíochta, agus foilsíodh a chéad úrscéal i 1994. In 2004, bhog sé go hÉirinn ar chúiseanna a bhain le cáin, agus chuir sé faoi i Sionainn. In 2010, d'fhill sé ar Pháras, agus an chúis a thug sé ná go raibh fonn air a theanga féin a labhairt ar bhonn laethúil.

A phríomhshaothair agus critic[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é príomhábhar a chuid saothar ná uaigneas spioradálta an Eorpaigh ar na saolta seo mar gheall ar an tomhaltachais, an chultúir chorparáidigh san ionad oibre, agus meath na sibhialtachta.

Is é an t-úrscéal Les Particules Élémentaires (Na Buncháithníní), a foilsíodh i 1998, an leabhar is mó cáil dá chuid. Bhuaigh an leabhar an duais litríochta, an "Prix Novembre", sa Fhrainc. D'aistrigh go roinnt teanga eile é, agus bhuaigh an leagan Béarla, Atomized le Frank Wynne, aistritheoir Éireannach, an Duais Liteartha Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath. Is scéal duairc é faoi bheirt leathdheartháireacha, nach bhfuil ach breacaithne acu ar a chéile, agus ina ndéantar cur síos grinn ar an easpa lúcháire agus an frustrachas ina saol ó lá go lá. In ainneoin an méid ratha a bhí ar an úrscéal, cáineadh go forleathan é mar gheall ar na cuntais bheoga, fiú phornagrafacha, a rinne an t-údar ar chaidreamh collaí.

In 2001, foilsíodh Plateforme, úrscéal conspóideach a raibh an turasóireacht ghnéis mar théama aige. Le linn agallaimh a rinne sé leis an iris Lire, tharraing sé achrann air féin nuair a mhaígh sé gurb é an tIoslam "an reiligiún is áiféisí ar domhan" [2]. Shéan sé go láidir ina dhiaidh gurbh Ioslamafóibeach é, agus nach raibh ina chuid tuairimí ach dearcadh fríthreiligiúnach ginearálta. Ba é an scannal seo, a chuir leis an gcinneadh an Fhrainc a thréigean, agus bogadh go hÉirinn.

In 2010, d'fhoilsigh sé an t-úrscéal, La Carte et le Territoire. Is iad na téamaí a léirítear sa saothar seo, de réir an údair ná "dul in aois, an caidreamh idir an t-athair agus an mac, agus ionadaíocht na réaltachta trí na healaíona"[3]. Sa scéal seo, tá an t-údar féin ina charachtar, agus déantar cur síos ar dhúnmharú Michel Houellebecq i Sionainn, agus ar an mbungaló beag suarach a raibh sé ina chónaí ann.

Foilsíodh an t-úrscéal is déanaí dá chuid, Soumission (Géilleadh) in 2015. Samhlaítear san aoir pholaitiúil seo an Fhrainc sa bhliain 2022 agus an bua i dtoghchán na huachtaránachta ag páirtí polaitíochta Moslamach, atá ag cur chun cinn luachanna traidisiúnta agus patrarcacha, agus é sin le tacaíocht ó pháirtí na Sóisialaithe. De thaisme adhfhuafar, seoladh an leabhar ar an 7 Eanáir, an lá céanna a rinneadh na hionsaithe sceimhlitheoireachta ar oifigí Charlie Hebdo[4] .

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]