Charles Baudelaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCharles Baudelaire

(1863) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(fr) Charles-Pierre Baudelaire
9 Aibreán 1821
Páras, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Bás31 Lúnasa 1867
46 bliana d'aois
Páras, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Sifilis)
Áit adhlacthaReilig Montparnasse, 6 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síLycée Louis-le-Grand
lycée Saint-Louis Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitherue d'Amsterdam
Teanga dhúchaisan Fhraincis
Gníomhaíocht
Réimse oibreFilíocht
Gairmfile, léirmheastóir liteartha, aistritheoir, léirmheastóir, scríbhneoir, scríbhneoir aistí, aistritheoir, léirmheastóir ealaíne, iriseoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1844 –  1866
SeánraMarbhna agus meathachas
GluaiseachtSiombalachas
Faoi thionchar
TeangachaAn Fhraincis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíJeanne Duval Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJoseph-François Baudelaire  agus Caroline Aupick
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0061667 Allocine: 37038
Musicbrainz: a6985818-3431-4e4f-a7e9-0d375fdb40f1 Discogs: 648051 IMSLP: Category:Baudelaire,_Charles Find a Grave: 66 Cuir in eagar ar Wikidata

Francach ab ea Pierre Charles Baudelaire, file, léirmheastóir, agus aistritheoir (9 Aibreán, 1821 - 31 Lúnasa, 1867). Ba dhuine conspóideach é sa 19 haois, agus a shloinne 'Baudelaire' ina leathfhocal do mheathlúchán ealaíonta agus liteartha. Ag an am céanna, bhíodh a oibreacha, go háirithe a leabhar filíochta Les fleurs du mal (Bláthanna an oilc) admhaithe mar chlasaic de litríocht na Fraince.

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Baudelaire i bPáras, an Fhrainc sa bhliain 1821. Bhí a athair, François Baudelaire, ina státseirbhíseach sinsearach agus ina ealaíontóir amaitéarach, agus bhí sé tríocha ceathair bliana níos sine ná Caroline, máthair Bhaudelaire. Fuair François bás le linn óige Bhaudelaire, sa bhliain 1827. An bhliain dár gcionn, phós Caroline an leifteanantchoirnéal Jacques Aupick, a bhí níos déanaí ina ambasadóir Fraince do chúirteanna na móruaisle éagsúla.

Bhí caidreamh Bhaudelaire leis a mháthair gar agus casta, agus gabh sé ceannas ar a shaol. Dúirt sé níos déanaí; "ghráigh mé mo mháthair de bharr a gléastacht. Dandy seanchríonna a bhí ionam" - agus i litir cuichí , " Bhí grá paiseanta agam duit i'm óige, ar feadh tréimhse." Cé gur údar imní d' Aupick, a bhí ina smachtaí docht, tógáil agus todhchaí Bhaudelaire, roimh i bhfad, bhí sé in achrann le meon ealaíne a leasmhac.

Fuair Baudelaire a chuid oideachais i Lyon, áit ar cuireadh iallach air dul go scoil chónaithe ar shiúl óna mháthair (fiú le linn na laethanta saoire) agus glacadh le modhanna diana a leasathair, ina measc gan ligean dó dul ar chuairteanna baile nuair a sleamhnaigh a ghráid. Scríobh sé nuair a athchuimhnigh sé na laethanta sin: "Bheith ar crith ag na bliana ghruama faoi ghlas [...] neamhshócúlacht na óige ainnise tréigthe, fuath na gcomhaltaí scoile ceannasacha, agus uaigneas an chroí." Nuair a bhí Baudelaire ceithre bliana déag d'aois, bhí seo le rá ag ceann amháin dá pháirtí ranga : "Bhí sé i bhfad níos deismíní agus níos dearscnaithí ná aon cheann dár ndaltaí eile [...] táimid ceangailte le chéile [...] ag comhtoighsí agus comhbhrón, an grá seanórtha ar mhínoibreacha na litríochta". Níos déanaí, d'fhreastail sé ar an Lycée Louis-le-Grand i bPáras. Bhí iompraíocht mhearbhlach ag Baudelaire ina chuid staidéar, ag amanna dícheallach, ag amanna eile tugtha don díomhaointeas.