Les Fleurs du mal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An chéad eagrán de Les Fleurs du mal le nótaí an údair.

Is éard is Les Fleurs du mal ann (aistrithe go minic mar 'Bláthanna an oilc',) ná imleabhar d'fhilíocht na Fraince, cumtha ag Charles Baudelaire. Céad foilsíodh é sa bhliain 1857, agus bhí sé an-tábhachtach i ngluaiseachtaí na nua-aoisithe agus na siombalaithe. Pléann na dánta le téamaí a bhaineann le meathlúchán agus le hearótachas.

Forbhreathnú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí foilseachán tosaigh an leabhar eagraithe i gcúig rannóga cúig a bhí scartha de réir téama:

  • Spleen et Idéal
  • Fleurs du Mal
  • Révolte
  • Le Vin
  • La Mort

Tugann réamhrá an imleabhair, a d'aithin Sátan leis an ailceimiceoir bréagdíthainmneach ( Béarla:pseudonymous) Hermes Trismegistus, leide dúinn ar ábhar an leabhair, ag tabhairt le fios gurb é an leadrán nó an leamhthuirse an dian-anró is measa.

Si le viol, le poison, le poignard, l'incendie,
N'ont pas encore brodé de leurs plaisants dessins
Le canevas banal de nos piteux destins,
C'est que notre âme, hélas! n'est pas assez hardie.

Gaeilge:
Mura bhróidnigh fós an t-éigniú agus an nimhe, an mhiodóg agus an tine,
a gcuid dearaí taitneamhacha
ar chanbhás seanchaite ár gcinniúintí truacánta,
is de bharr, faraor, nach bhfuil ár n-anamacha dána go leor!


Críochnaíonn an Brollach leis an mhallacht seo a leanas:

C'est l'Ennui! —l'œil chargé d'un pleur involontaire,
Il rêve d'échafauds en fumant son houka.
Tu le connais, lecteur, ce monstre délicat,
—Hypocrite lecteur,—mon semblable,—mon frère!

Gaeilge:
Ennui is ea é! - A shúile thar maoil le deora ainneonacha,
Is í an chroch ábhar a bhrionglóidí trí smúiteán a houka.
Is eol duit é, a léitheoir, an ollphéist leiceacht,
A léitheoir fimíneach, cosúil liom, mo dheartháir!

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]