Théophile Gautier
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | (fr) Jules Pierre Théophile Gautier 30 Lúnasa 1811 Tarbes, An Fhrainc |
| Bás | 23 Deireadh Fómhair 1872 61 bliana d'aois Neuilly-sur-Seine, An Fhrainc |
| Áit adhlactha | Reilig Montmartre |
| Cathaoirleach Société nationale des beaux-arts | |
| | |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | lycée Charlemagne Lycée Louis-le-Grand |
| Áit chónaithe | Hôtel de Fourcy (en) |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | scríbhneoir, léirmheastóir ealaíne, péintéir, léirmheastóir liteartha, grianghrafadóir, leabhrógaí, úrscéalaí, drámadóir, file, iriseoir, staraí na healaíne |
| Fostóir | Le Figaro |
| Ball de | |
| Gluaiseacht | Rómánsachas agus parnassianism (en) |
| Mac/iníon léinn de chuid | Louis-Édouard Rioult |
| Teangacha | An Fhraincis |
| Teaghlach | |
| Céile | Ernesta Grisi |
| Páirtí | Carlotta Grisi Ernesta Grisi (–1866) Eugénie Fort (1836–) |
| Páiste | Judith Gautier ( Estelle Gautier ( Théophile Gautier Óg ( |
| Croineolaíocht | |
| 1830 | Cath Hernani |
Gradam a fuarthas | |
File, úrscéalaí agus léirmheastóir ealaíne ab ea Théophile Gautier. Rugadh é i dTarbes, baile atá suite in iardheisceart na Fraince, ar 30 Lúnasa 1811 agus fuair sé bás i Neuilly-sur-Seine, gar do Pháras, ar 23 Dheireadh Fómhair 1872.
Cé gur i dTarbes a rugadh é, is i bPáras a chaith Théophile Gautier formhór a shaoil agus meastar gur scríbhneoir Párasach ab ea é.
Chuir Gautier aithne ar Ghérard Labrunie, fear a bhainfeadh clú agus cáil amach níos déanaí fén ainm Gérard de Nerval, nuair a bhíodar beirt ina ngarsún scoile. Théidís ar an scoil chéanna, an lycée Charlemagne.
Scríbhneoir bisiúil ab ea Gautier: Fara úrscéalta ar nós Mademoiselle de Maupin (1835), Le Roman de la momie (1858) nó Le Capitaine Fracasse (1863). Scríobh sé cnuasaigh filíochta - is é Émaux et camées (1852) an cnuasach filíochta is cáiliúla dá chuid -, breis is deich ngearrscéalta is fichead, agus neart léirmheasanna ar an ealaíon agus ar an gceol leis.