La Sylphide (bailé)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Saothar CeoilLa Sylphide

Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm cheoilbailé Cuir in eagar ar Wikidata
CumadóirJean Schneitzhoeffer (en) Aistrigh
LeabhrógaíAdolphe Nourrit
Suíomh scéalaíochtaNa Garbhchríocha
Céadléiriú
Céadléiriú12 Márta 1832
Suíomh an chéad léiritheParis Opera (en) Aistrigh
TaibheoirMarie Taglioni
IMSLP: La_Sylphide_(Schneitzhoeffer,_Jean-Madeleine) Cuir in eagar ar Wikidata

Ar 12 Meán Fómhair 1832, léiríodh an bailé rómánsúil, La Sylphide, de chuid  Filippo Taglioni den chéad uair.[1] Gailtean (spiorad) agus / nó sliseog (bean) is ea an Sylphide (Sylph i mBéarla).

Marie Taglioni, iníon Filippo Taglioni agus an príomh-dhamhsóir in 1834

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Les Sylphides, Rachel Cameron, ag caitheamh tútú, agus Henry Legerton ón Kirsova Ballet, Sydney, idir 1941-1944

Mar a tharla i gcás an cheoil, na litríochta, agus na n-amharcealaíona, bhí tionchar an-mhór ag an Rómánsachas ar an mbailé.[2] Chuidigh dul chun cinn nua san ealaín, amhail forbairt na teicníce pointe,[3] níos mó airde ar an gceol agus béim ar mhothú leis na damhsóirí a ullmhú do na héilimh a tháinig isteach leis an dá léiriú is tábhachtaí de ré an bhailé rómánsaigh: La Sylphide agus cúpla bliain níos déanaí, Giselle (de Théophile Gautier sa bhliain 1841).[2]

Príomhalt: Rómánsachas

An chéad léiriú[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'ócáid stairiúil í. Cur chuige nua-aimseartha amach is amach a bhí annː

  • Nochtadh an plota tarraingteach de réir a chéile.
  • Bhain an feisteas stáitse an anáil den lucht féachana
  • Chaith na bailéiríní an tútú trédhearcach (an feisteas damhsa nó gúna) don chéad uair riamh agus bhí siad ar a mbarraicíní an t-am ar fad, éacht nua.

Chuir August Bournonville leagan eile ar an stáitse sa bhliain 1836, Marius Petipa (le Varvara Nikitina) i Cathair Pheadair in 1892, agus Pierre Lacotte i bPáras in 1972.

In Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuirfidh scolairí Regina Rogers School of Ballet féile bailé i láthair sa Taibhdhearc, le sleachta ó La Sylphide a bhliain 2020.

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. lisapascaretti (2021-01-09). "Histoire d’un ballet : La Sylphide …" (fr-FR). Plumes, pointes, palettes et partitions. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-09-13. Dáta rochtana: 2022-09-13.
  2. 2.0 2.1 artscouncil.ie (Samhain 2013). "AN CHOMHAIRLE EALAÍON ATHBHREITHNIÚ AR AN MBEARTAS BAILÉ". Dáta rochtana: 2022.
  3. ar bharr na ladhracha  nó ar na barraicíní
  4. an Royal Ballet, Londain, ar Youtube (timpeall 1971). "Rudolph Nureyev rehearsing" (as en).