Michael Kelly (teanór agus fear amharclainne)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Michael Kelly (teanór agus fear amharclainne)
Michael Kelly by Adele Romany.jpg
Saol
Eolas breithe Baile Átha Cliath, 25 Nollaig 1713
Náisiúntacht Éire
Bás Londain, 9 Deireadh Fómhair 1812
Oideachas
Teangacha An Béarla
Gairm
Gairm amhránaí ceoldrámaíochta, amhránaí, cumadóir, cumadóir amhrán agus aisteoir
Áit oibre Londain Mhór
Gluaiseacht ealaíne ceoldráma
Cineál gutha teanóir
Uirlis cheoil ceol gutha

Teanóir agus fear amharclainne ab ea Michael Kelly (25 Nollaig 17629 Deireadh Fómhair 1826).

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Michael Kelly i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1762. Ceannaí fíona ba ea a athair, fear a raibh post aige freisin mar Bhainisteoir na Searmanas i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Bhí cónaí orthu i Sráid Mhuire agus ba Chaitlicigh iad, cé go raibh seisean ina Mháisiún ina dhiaidh sin.[1]

Theastaigh óna athair go mbeadh a mhac ina mháinlia ,ach theastaigh ón ngasúr dul leis an gceol. Rinne Michael óg staidéar faoi amhránaí Iodálach a bhí fostaithe ag an Rotunda . Chuaigh sé ar an stáitse don chéad uair nuair a bhí sé ceithre bliana déag d'aois i bpáirt an Chúnta i La buona figliuola le Nicolò Piccinni[2] in amharclann Smock Alley.

An Iodáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ansin i 1779 socraíodh ar é a chur chun na hIodáile ar mholadh an tsopráin fhirinn Venanzio Rauzzini. Chaith Michael dhá bhliain ag foghlaim na hamhránaíochta i Naples agus in Palermo.[1]

Thosaigh sé ansin ag saothrú mar amhránaí tenór. Ach níor éirigh go rómhaith leis ar dtús: bhíodh sé thíos seal thuas seal ar dtús. I 1781 bhí sé ag teacht i dtír as bád ag Leghorn nuair a chas sé le beirt a bhí ina ndlúthchairde aige ina dhiaidh sin: an cumadóir ceoil Stephen Storace agus a dheirfiúr Nancy, an soprán. Bhí ocht mbliana déag aige faoin am sin. Bhí gruaig fhionn air agus é gealchraicneach. Is léir ó phortráid a deineadh nuair a bhí naoi mbliana is fiche aige gurbh fhear an-dathúil é.

Foilsíodh an portráid seo i "Reminiscences of Michael Kelly" sa bhliain 1826

Nuair a chonaic Nancy Storace ar dtús é, cheap sí gur chailín a bhí ann agus feisteas buachalla air. Chuala O'Kelly í á rá sin lena deartháir. "You are mistaken Miss; I am a very proper he animal and quite at your service!" ar seisean léi. B'in mar a chuir siad aithne ar a chéile. Bhí Stephen naoi mbliana déag ag an tráth sin agus bhí sé bhliana déag ag Nancy agus iad, mar aon le hO'Kelly, ag saothrú leo.

Ní in iarsmaí stairiúla na hIodáile a chuir sé suim ag an am sin: "a petticoat in a populous street in Naples was to me the finest sight in the world." Chaith sé trí lá i bpríosún sa tSicil i 1781 de bharr raic a tharla nuair a shuigh sé taobh le bean álainn in amharclann agus thosaigh sé ag cur cainte uirthi - rud a chuir as don fhear a bhí á tionlacan nuair a fuair sé O'Kelly ina shuíochán.

Dhá bhliain ina dhiaidh sin, bhí sé fostaithe san amharclann i mBrescia. D'éirigh idir é féin agus an té ar leis an amharclann - "a man of inordinately bad character, and implacable in his revenge, whenever he took offence" - faoin tsoprán Ortabella a bhí in aon lóistín le hO'Kelly. Bhí ar éaló ón amharclann agus léiriú faoi lán seoil, nuair a bhí gach aon duine eile gnóthach ag réiteach le haghaidh bailé de Léigear na Traoi a bhí mar eadarlúid sa cheoldráma ina raibh sé páirteach.[1]

Vín[cuir in eagar | athraigh foinse]

Marriage of Figaro Act II

I 1784 fuair sé post le compántas a bhunaíodh i Vín faoi choimirce an Impire Seosamh II chun ceoldrámaí Iodálacha a chur ar siúl. Bhí Nancy Storace fostaithe mar prima donna leis an gcompántas seo cheana féin. Sa dhá bhliain a chaith sé i Vín chuir sé aithne mhaith ar an gcumadóir Wolfgang Amadeus Mozart. Tá cur síos maith tugtha aige ar Mozart ina Reminiscences.[1]

Ghlac O'Kelly páirt Don Basilio i gcéad léiriú Nozze di Figaro Mhozart i 1786. Tugann sé cur síos ar na cleachtaí - ag a mbíodh an t-údar féin i láthair, "with his crimson pelisse and goldlaced cocked hat". Léiríonn sé an tslí a chuaigh an ceol i bhfeidhm orthu siúd a bhí i láthair. Bhí an baratón Bennuci, a ghlac páirt Figaro, ag casadh an amhráin bhríomhair 'Non piu andrai, farfallone amoroso':

Is minic Michael ag tagairt do na hÉireannaigh thar lear. Le linn dó a bheith i Leghorn i 1781 bhí soitheach foghla ó Bhaile Átha Cliath ansin freisin agus nuair a tugadh léiriú cabhrach do Stephen Storace, tháinig beagnach foireann uile an bháid. Ag deireadh an léirithe chas Storace Molly Asthore dóibh. Ansin, "the boatswain...gave a loud whistle, and the crew, en masse, rose and gave three cheers...[and] then sang God Save the King."

Cé go raibh roinnt Iodáilise aige faoin am a raibh sé ceithre bliana déag, agus cé gur labhair sé Fraincis ina dhiaidh sin, ní raibh Gaeilge riamh aige - cé go raibh sé cloiste aige ag an mbaile, mar chasadh a athair amhráin as Gaeilge.[1]

Richard Brinsley Sheridan

Londain[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 1787, chuaigh sé go Londain in éineacht le Stephen agus Nancy Storace, ag taisteal tríd an nGearmáin agus tríd an bhFrainc. Bhí litir faighte aige i Vín óna athair á rá go raibh a mháthair tinn. Shroich siad Londain i mí na Márta ach níor bhain sé Baile Átha Cliath go dtí mí an Mheithimh tar éis bhás a mháthar.[1]

Fostaíodh é mar amhránaí ag amharclann Drury Lane, áit a raibh Bleá Cliathach eile - an drámadóir Richard Brinsley Sheridan - ina bhainisteoir. Chaith sé fiche bliain ina dhaidh sin mar amhránaí tenór san amharclann sin.

Ba é an chéad cheoldráma ina raibh sé páirteach ná Lionel and Clarissa le Charles Dibdin. Ghlac sé féin páirt Lionel agus ghlac Anna Maria Crouch páirt Chlarissa. Cheana féin bhí sé ina chónaí tigh Bhean Crouch. D'imigh fear céile Anna Maria i 1791 agus ó shin go bhfuair sí bás in 1805 - í ina halcólach agus an tsláinte ag teip uirthi le tamall - bhí sise agus Kelly ina gcónaí le chéile, cé gur dóichí freisin go raibh sí ina leannáin ag Prionsa na Breataine Bige freisin i 1792 nó 1793.

Sa samhradh bhíodh Kelly agus Bean Crouch ag obair sna hamharclanna cúige - amharclanna na hÉireann ina measc. Chuaigh siad ar an stáitse i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i Luimneach. Ó 1793 ar aghaidh bhí Kelly freisin ina bhainisteoir stáitse ag Amharclann an Rí i Londain, áit ar léiríodh na ceoldrámaí Iodáileacha.

Bhíodh léiriú cabhrach in aghaidh na bliana dó in ionad pá sheasta. I ndiaidh bhás Stephen Storace i 1796 bhí tóir air mar chumadóir ceoil ag Drury Lane. Ach bhí ar dhaoine eile an ceol a cheapadh sé a chóiriú do bhuíon ceoil, mar nach raibh an scil sin aige. Cheap sé roinnt ceoldrámaí - cé gurbh fhearr, b'fhéidir, drámaí le hamhráin ag gabháil leo a thabhairt orthu. Ba é Bluebeard an ceann is mó ar éirigh leis.

Um an dtaca seo bhí siad chomh maith sin as nach mbíodh air féin nó ar Bhean Crouch an méid sin oibre a dhéanamh sa samhradh. Chaithidís níos mó ama ar cuairt ag a gcuid cairde. I 1796 bhunaigh seisean gnó mar fhoilsitheoir ceoil ina theach nua i Sráid Lisle, gar do Chearnóg Leicester. Bhí sé ag tabhairt Kelly air féin arís agus thugadh a chairde 'Mic' air.

Cuimhní cinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Duine de na cairde ba mhó a bhí aige ag an am sin ba ea Richard Brinsley Sheridan agus tá nádúr an duine gafa aige go beacht sa phictiúr den fhear gaoiúil seo a chruthaíonn sé ina chuimhní cinn.[1][1]

Bhíodh Kelly i gcónaí ar an ngannchuid ó thaobh airgid ach bhí sé plámásach freisin: tháinig fear chuige lá amháin ag iaradh fiacha £350 a bhailiú agus ní hamháin go bhfuair Sheridan réidh leis gan pingin a thabhairt dó ach go bhfuair sé iasacht £200 sa bhreis uaidh chomh maith.

Ach is léir freisin gurbh fhear mór grinn é Sheridan. Bhí ceoldráma - The Caravan, or the Driver and his Dog - ar siúl ag Drury Lane. Bhí madra sa dráma seo a léimeadh isteach i linn uisce, a cuireadh ar an stáitse, chun an páiste a tharrtháil - éacht a fuair an-bhualadh bos ón lucht féachana i gcónaí. Nuair a shroich Sheridan an amharclann oíche amháin, tháinig aisteoir chuige agus é an-bhuartha. Dúirt mo dhuine leis go raibh tinneas air agus nach bhféadfadh sé leanúint lena pháirt ar an oíche sin. "My good fellow," arsa Sheridan, "you terrified me. I thought you were going to tell me that the dog had taken ill."

Tá a lán eolais i gcuimhní cinn Kelly faoi nósanna na hamharclainne lena linn.[1] Is léir gur cuireadh an-bhéim ar an seó iontu agus go mbíodh fíormheascán sna ceoldrámaí. Tráth dá riabh Sheridan ag lorg ceoldráma a thuillfeadh airgead don amharclann, mhol Kelly sean-cheoldráma Cymon dó. "Cymon, my good Sir, would not bring sixpence to the treasury," arsa Sheridan leis.

Michael Kelly sna 1780idí

Chuir siad chuige chun Cymon a mhaisiú. Choinníodh cuid mhaith den cheol a cheap Michael Arne don dhráma bunaidh. Cheap Steven Storace agus Thomas Shaw, ceannaire bhuíon ceoil na hamharclainne, roinnt ceoil as an nua agus chóirigh Storace fonn a cheap Kelly féin. Sna léirithe féin tháinig Cymon (Kelly) agus Sylvia ar an stáitse i gcarbad a raibh dhá chapall faoi agus Ciúipid bheag (an t-aisteoir Edmund Keane agus é ina pháiste) ann freisin.

Bhíodh sé de nós ag amhránaí freisin amhráin a thaithin leo, no a cheap siad a thaithnoeidh leis an lucht éisteachta, a chur isteach in aon cheoldráma a bhíodh ar siúl. I 1787, nuair a bhí Kelly páirteach i gComos i mBaile Átha Cliath, thóg sé díshéad as ceoldráma eile ar fad agus cuireadh le céad ghníomh Comus é.

I 1803 bhí Kelly agus an soprán Iodálach Angelica Catalani páirteach i léiriú de Didone Abbandonata le Giovanni Paisiello i Luimneach. Bhí siad i lár díséid agus an lucht éisteachta gafa ag an gceol nuair a bhéic fear amach ón lochta - ag iarraidh go gcasfaí an amhrán céanna - "Mr Kelly, will you be good enough to favour us with - 'O thou wert born to please me?'"

Bhíodh Kelly ag dul chun na Fraince go rialta ó d'fhill sé ar an Ríocht Aontaithe. Bhíodh sé i bPáras go rialta i mblianta tosaigh Réabhlóid na Fraince. I mí an Mheitheamh 1791 bhí sé ag aon bhord i gcaife leis an bpoblachtánach Sasanach Tom Paine nuair a scaipeadh an nuacht go raibh Louis XVI agus a theaghlach gafa ag Varennes nuair a theip orthu teitheadh ón tír. "Never shall I forget the delight of that caitiff Tom Paine; his Bardolph face blazed with delight...," a deir sé. Ceapann údar amháin[3] go raibh bá ag Kelly leis an réabhlóid ag an tús ach gur iompaigh sé ina choinne ansin - dála mórán eile - agus go raibh sé ag iarraidh a bhá leis an réabhlóid ag an tús a cheilt nuair a bhí a chuimhní cinn á scríobh aige. Níl focal sa leabhar maidir le cúrsaí casta na hÉireann sa tréimhse chéanna.

In 1803 chuaigh Kelly ar an stáitse ag Drury Lance don uair dheireannach: an bhliain chéanna a d'fhág Nancy Storace an stáitse ar fad. An t-am deireanach a chas Kelly ar aon stáitse ba i mBaile Átha Cliath in 1811 é. Bhí ocht mbliana is daichead aige. An bhliain chéanna chlis ar an ngnó a bhunaigh sé i 1798.

Ó 1814 í leith, bhí Kelly buailte ag an ngúta. Ó 1820 bhí sé ag caitheamh níos mó ama in Brighton. Bhí Prionsa na Breataine Bige ina rí anois mar Seoirse IV. Caitheadh seisean cuid mhaith ama in Brighton freisin agus bhí sé mór le Kelly i gcónaí. Rinne Kelly sodar i ndiaidh na n-uaisle riamh agus, ní nach ionadh, chuaigh cineáltas na n-uaisle i bhfeidhm ar an duine seo de bhunadh meánaicmeach. Bhí sé ina dhílseoir críochnaithe anois.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foilsíodh a chuimhní cinn in 1826 - an bhliain a fuair Kelly bás i Margate. Cuireadh é in eaglais Naomh Pól in Covent Garden i Londain.

D'fhág an caimileon lách seo, a bhí chomh scóipiúil ina óige agus ar éirigh chomh maith leis ina chaidreamh le daoine eile agus taitneamh a thabhairt dóibh.

D'fhág Kelly leabhar suimiúil ina dhiaidh. Sa leabhar sin thug sé cuntas bríomhar picaresque ar a óige ar mhór-roinn na hEorpa. Tá an-chuimhse eolais le fáil ina leabhar freisin faoin gceol agus faoin amharclann lena linn, agus ar ndóigh, faoi féin.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 1.6 1.7 1.8 Seán Hutton (1990idí). "Michael Kelly". community.fortunecity.ws. Dáta rochtana: 2021-09-12.
  2. "Niccolò Piccinni" (in en) (2021-07-08). Wikipedia. 
  3. Roger Fiske, a chur eagar ar a Reminiscences don Oxford University Press i 1975