Meathshlabhra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

San fhisic núicléach tugtar meathshlabhra ar an slabhra fada de staideanna idirmheánacha idir an radanúiclíd phríomhordúil agus an t-iseatóp cobhsaí is ceann scríbe don mheath radaighníomhach. Na dúile troma radaighníomhacha a bhíonn ar fáil sa dúlra, cosúil leis an úráiniam agus leis an tóiriam, tá siad i bhfad níos troime ná na dúile cobhsaí, agus mar sin, caithfidh siad cuid mhaith de na cáithníní sa núicléas a chailleadh leis an gcobhsaíocht a bhaint amach. Mar sin, cuireann an núiclíd throm slabhra iomlán d'ócáidí meatha di.

An t-iseatóp a dtagann meath radaighníomhach air, tugtar máthairiseatóp air, agus is é an t-iseatóp a thagann ar an bhfód de thoradh an mheatha, is é an t-iníoniseatóp. Is féidir don iníoniseatóp a bheith cobhsaí, ach sa chuid is mó de na hócáidí, is máthairiseatóp é d'iseatóp éigin eile. Tabhair faoi deara, dála an scéil, nach iseatóip iad de chuid na dúile céanna, agus mar sin, bheadh sé ní b'fhearr máthairnúiclíd agus iníon-núiclíd a thabhairt orthu.

Bíonn sé éagsúil go leor cá fhad a thógann sé ar adamh amháin meath nua teacht air i ndiaidh an mheatha dheireanaigh, ach is féidir an dóchúlacht a oibriú amach de réir an tairisigh mheatha. Tiocfaidh meath ar gach adamh aonair go spontáineach, ach má bhreathnaímid ar na hadaimh go léir a bhí ann i dtús ama, tiocfaidh meath orthu de réir dáileadh easpónantúil, e−λt, agus is é λ an tairiseach meatha san fhoirmle seo. Tá a thairiseach meatha agus a leathré féin ag gach radanúiclíd. Is ionann an leathré agus an t-am a thógann sé ar adamh as gach beirt meath radaighníomhach teacht air. Bíonn leathré na núiclídí éagsúla an-difriúil - ó chodán beag den tsoicind go dtí na mílte milliúin de bhlianta.

Is minic a bhíonn na staideanna idirmheánacha níos radaighníomhaí ná an t-iseatóp is tús don tslabhra - is é sin, bíonn siad ag meath níos luaithe, agus ag astú níos mó radaíochta. Nuair a bhainfear amach an chothromaíocht, beidh céatadán an iníoniseatóip san eiseamal ag brath ar choibhneas a leathré agus leathré an mháthairiseatóip. Sa deireadh, beidh iníoniseatóip an iníoniseatóip agus iseatóip an tslabhra go léir ann, agus gach ceann acu ag cur le radaighníomhaíocht an eiseamail. Mar shampla, ós rud é go bhfuil a leathré chomh fada, ní bhíonn an t-úráiniam féin ag astú mórán radaighníomhaíochta. An phicbhleind, áfach - an mianra as a mbaintear an t-úráiniam - tá an phicbhleind lán iníoniseatóp, agus iad i bhfad níos radaighníomhaí ná an t-úráiniam, nach bhfuil ann ach túsphointe an tslabhra.

Cineálacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad na cineálacha is coitianta den mheath radaighníomhach ná an t-alfa-mheath, an béite-mheath, an béite-mheath inbhéartach (astú an phosatróin agus an leictreonghabháil araon), agus an trasdul isiméireach. Is é an t-alfa-mheath an t-aon mheath acu seo a athraíonn maisuimhir an adaimh - baineann sé ceithre mhaisaonad de.

Is iad an trí phríomh-mheathshlabhra a aithnítear sa dúlra ná slabhra an úráiniam (arb é úráiniam a 238 a thúsphointe), slabhra an tóiriam (arb é tóiriam a 232 a thúsphointe) agus slabhra an achtainiam (arb é úráiniam a 235 a thúsphointe - tá an slabhra ainmnithe as ceann de na hiníoniseatóip). Iseatóip de chuid na luaidhe iad pointí deiridh na slabhraí seo go léir. Tháinig na heolaithe ar iarsmaí beaga de phlútóiniam a 244 agus plútóiniam a 239 sa dúlra chomh maith, agus is iseatóip phríomhordúla iad seo; mar sin, is dócha gur túsphointí iad dá meathshlabhraí féin.

Glacann na heolaithe leis go raibh slabhra eile fós ann i dtús ama, mar atá, slabhra an neiptiúiniam, ach ós rud é nach bhfuil neiptiúiniam a 237 ach 2.14 milliún bliain ar leathré, tháinig meath ar na hadaimh neiptiúiniam sa dúlra le fada, agus níl fágtha den tslabhra seo ach biosmat an dúlra, an t-iseatóp 209Bi. Chreidtí ar feadh i bhfad gurbh é biosmat a 209 ba deireadh do shlabhra an neiptiúiniam, ach fuarthas amach le déanaí go bhfuil sé radaighníomhach, siúd is go bhfuil leathré iontach fada aige (1.9 x 1019 bliain, nó 19,000,000,000,000,000,000 - 19 cuintilliún bliain - i bhfad bhfad níos mó ná aois na hollchruinne féin). Mar sin, ó thaobh na foirmiúlachta de, ní hé an biosmat seo an pointe deiridh. Is é tailliam a 205 iníoniseatóp an bhiosmait seo, agus is iseatóp cobhsaí é - mar sin, is é an pointe deiridh é. Ba é an Francach Noël Coron, agus é ag obair san Institut d'Astrophysique Spatiale in Orsay, An Fhrainc, a d'aithin sa bhliain 2003 go raibh an biosmat seo radaighníomhach.

Tá meathshlabhraí eile sa dúlra fós, cosúil le slabhra an radacarbóin (carbón a 14), ach is slabhra an-ghearr é, nó níl ann ach dhá núiclíd: an máthairiseatóp (an mháthairnúiclíd), arb é an radacarbón féin é, agus an t-iníoniseatóp (an iníon-núiclíd), nítrigin a 14, nach bhfuil radaighníomhach ar aon nós. Thairis sin, ní mór a thabhairt faoi deara gur iseatóp cosmaigineach é an radacarbón - is é sin, iseatóp a ghintear faoi thionchar na radaíochta cosmaí. Na núiclídí troma ar túsphointí iad do na meathshlabhraí móra a luadh thuas, bhí siad ar fáil sa damhna príomhaoiseach as ar foirmíodh na pláinéid. Is é sin, is iseatóip phríomhordúla iad, mar a deirtear.

Meathshlabhraí na n-achtanóideach a dtagann alfa-mheath orthu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is éard atá sna táblaí thíos ná príomhbhealaí na sraithe. Ligtear ar lár na craobhacha nach gcloíonn ach 0.0001 % de na hadaimh leo. An fuinneamh a thugtar, is ionann é agus iomlán an fhuinnimh chinéitigh (is é is brí le fuinneamh cinéiteach ná fuinneamh gluaiseachta) a gheobhaidh na cáithníní go léir (na leictreoin, na halfa-cháithníní, na gáma-chandaim, na neoidríonónna, leictreoin Auger agus na X-ghathanna, chomh maith leis an núicléas féin, de thoradh an mheatha.

Tugann na táblaí thíos ainmneacha stairiúla na núiclídí nádúrtha chomh maith. (Ó chuaigh an chuid ba mhó de na núiclídí i sraith an neiptiúiniam i léig sa dúlra i bhfad ó shin, níor tugadh ainmneacha den chineál seo orthu.) Fuair na núiclídí na hainmneacha seo nuair a d'aithin na fisiceoirí an chéad uair mar núiclídí iad, ach ní raibh a fhios acu san am sin go fóill cén dúil a bhí i gceist. Mar sin, tá ainmneacha ann a chuirfeadh an ceimiceoir ar strae: ní iseatóip de chuid an tóiriam iad an dá chineál "méiseatóiriam", mar shampla.

Sraith an tóiriam[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugtar sraith an tóiriam ar mheathshlabhra thóiriam a 232, iseatóp de chuid an tóiriam a bhfuil teacht air sa dúlra (taispeánann an tábla cúpla núiclíd a d'fhéadfadh teacht roimh an tóiriam seo sa slabhra, go teoiriciúil, dá mbeidís ar fáil go nádúrtha). Tá an t-achtainiam, an biosmat, an luaidhe, an polóiniam, an radón agus an raidiam ina mbaill den tslabhra seo, agus mar sin, tá iarsmaí éigin díobh le fáil san áit a bhfuil tóiriam.


Núiclíd Ainm stairiúil na núiclíde (leagan gearr) Ainm stairiúil na núiclíde (leagan fada) Cineál meatha Leathré An oiread fuinnimh a scaoiltear saor sa mheath, aonad: MeV nó meigileictreonvolt Iníoniseatóp (an t-iseatóp is toradh don mheath) Meathshlabhra (Sraith an tóiriam)
Calafoirniam a 252 α 2.645 bliain 6.1181 Ciúiriam a 248
Ciúiriam a 248 α 3.4×105 bliain 6.260 Plútóiniam a 244
Plútóiniam a 244 α 8×107 bliain 4.589 Úráiniam a 240
Úráiniam a 240 β 14.1 uair 0.39 Neiptiúiniam a 240
Neiptiúiniam a 240 β 1.032 uair 2.2 Plútóiniam a 240
Plútóiniam a 240 α 6561 bhliain 5.1683 Úráiniam a 236
Úráiniam a 236 α 2.3·107 bliain 4.494 Tóiriam a 232
Tóiriam a 232 Th Tóiriam α 1.405·1010 bliain 4.081 Raidiam a 228
Raidiam a 228 MsTh1 Méiseatóiriam 1 β 5.75 bliain 0.046 Achtainiam a 228
Achtainiam a 228 MsTh2 Méiseatóiriam 2 β 6.25 uair 2.124 Tóiriam a 228
Tóiriam a 228 RdTh Radatóiriam α 1.9116 bliain 5.520 Raidiam a 224
Raidiam a 224 ThX Tóiriam X α 3.6319 lá 5.789 Radón a 220
Radón a 220 Tn Tórón α 55.6 soicind 6.404 Polóiniam a 216
Polóiniam a 216 ThA Tóiriam A α 0.145 soicind 6.906 Luaidhe a 212
Luaidhe a 212 ThB Tóiriam B β 10.64 uair 0.570 Biosmat a 212
Biosmat a 212 ThC Tóiriam C β 64.06%
α 35.94%
60.55 nóiméad 2.252
6.208
Polóiniam a 212
Tailliam a 208
Polóiniam a 212 ThC' Tóiriam C' α 299 nanashoicind 8.955 Luaidhe a 208
Tailliam a 208 ThC" Tóiriam C" β 3.053 min 4.999 Luaidhe a 208
Luaidhe a 208 . cobhsaí . .

Sraith an neiptiúiniam[cuir in eagar | athraigh foinse]

Núiclíd Cineál meatha Leathré An oiread fuinnimh a scaoiltear saor sa mheath, aonad: MeV nó meigileictreonvolt Iníoniseatóp (an t-iseatóp is toradh don mheath) Meathshlabhra (Sraith an neiptiúiniam)
Calafoirniam a 249 α 351 bliain 5.813+.388 Ciúiriam a 245
Ciúiriam a 245 α 8500 bliain 5.362+.175 Plútóiniam a 241
Plútóiniam a 241 β 14.4 bliain 0.021 Aimeiriciam a 241
Aimeiriciam a 241 α 432.7 bliain 5.638 Neiptiúiniam a 237
Neiptiúiniam a 237 α 2.14·106 bliain 4.959 Prótachtainiam a 233
Prótachtainiam a 233 β 27.0 lá 0.571 Úráiniam a 233
Úráiniam a 233 α 1.592·105 bliain 4.909 Tóiriam a 229
Tóiriam a 229 α 7340 bliain 5.168 Raidiam a 225
Raidiam a 225 β 14.9 lá 0.36 Achtainiam a 225
Achtainiam a 225 α 10.0 lá 5.935 Frainciam a 221
Frainciam a 221 α 4.8 nóiméad 6.3 Astaitín a 217
Astaitín a 217 α 32 milleasoicind 7.0 Biosmat a 213
Biosmat a 213 β 97.80%
α 2.20%
46.5 min 1.423
5.87
Polóiniam a 213
Tailliam a 209
Polóiniam a 213 α 3.72 micreasoicind 8.536 Luaidhe a 209
Tailliam a 209 β 2.2 nóiméad 3.99 Luaidhe a 209
Luaidhe a 209 β 3.25 uair 0.644 Biosmat a 209
Biosmat a 209 α 1.9·1019 bliain 3.14 Tailliam a 205
Tailliam a 205 . cobhsaí . .

Sraith an úráiniam (nó, sraith an raidiam)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Núiclíd Ainm stairiúil na núiclíde (leagan gearr) Ainm stairiúil na núiclíde (leagan fada) Cineál meatha Leathré An fuinneamh a scaoiltear saor sa mheath (aonad: meigileictreonvolt) An núiclid is toradh don mheath (an t-iníoniseatóp)
Úráiniam a 238 U Úráiniam (an t-iseatóp is coitianta) α 4.468·109 bliain 4.270 Tóiriam a 234
Tóiriam a 234 UX1 Úráiniam X1 β 24.10 0.273 Prótachtainiam a 234
Prótachtainiam a 234 UX2 Úráiniam X2 β 99.84 %
trasdul isiméireach 0.16 %
1.16 nóiméad 2.271
0.074
Úráiniam a 234
Prótachtainiam a 234
Prótachtainiam a 234 UZ Úráiniam Z β 6.70 uair 2.197 Úráiniam a 234
Úráiniam a 234 UII Úráiniam a Dó α 245500 bliain 4.859 Tóiriam a 230
Tóiriam a 230 Io Ióiniam α 75380 bliain 4.770 Raidiam a 226
Raidiam a 226 Ra Raidiam α 1602 bliain 4.871 Radón a 222
Radón a 222 Rn Radón α 3.8235 lá 5.590 Polóiniam a 218
Polóiniam a 218 RaA Raidiam A α 99.98 %
β 0.02 %
3.10 nóiméad 6.115
0.265
Luaidhe a 214
Astaitín a 218
Astaitín a 218 α 99.90 %
β 0.10 %
1.5 soicind 6.874
2.883
Biosmat a 214
Radón a 218
Radón a 218 α 35 milleasoicind 7.263 Polóiniam a 214
Luaidhe a 214 RaB Raidiam B β 26.8 nóiméad 1.024 Biosmat a 214
Biosmat a 214 RaC Raidiam C β 99.98 %
α 0.02 %
19.9 nóiméad 3.272
5.617
Polóiniam a 214
Tailliam a 210
Polóiniam a 214 RaC' Raidiam C' α 0.1643 milleasoicind 7.883 Luaidhe a 210
Tailliam a 210 RaC" Raidiam C" β 1.30 nóiméad 5.484 Luaidhe a 210
Luaidhe a 210 RaD Raidiam D β 22.3 a 0.064 Biosmat a 210
Biosmat a 210 RaE Raidiam E β 99.99987%
α 0.00013%
5.013 lá 1.426
5.982
Polóiniam a 210
Tailliam a 206
Polóiniam a 210 RaF Raidiam F α 138.376 lá 5.407 Luaidhe a 206
Tailliam a 206 RaE" Raidiam E" β 4.199 nóiméad 1.533 Luaidhe a 206
Luaidhe a 206 - cobhsaí - -

Sraith an achtainiam[cuir in eagar | athraigh foinse]

Núiclíd Ainm stairiúil na núiclíde (leagan gearr) Ainm stairiúil na núiclíde (leagan fada) Cineál meatha Leathré An fuinneamh a scaoiltear saor sa mheath (aonad: meigileictreonvolt, MeV) An núiclíd is toradh don mheath (an t-iníoniseatóp)
Plútóiniam a 239 α 2.41·104 bliain 5.244 Úráiniam a 235
Úráiniam a 235 AcU Achtain-Úráiniam α 7.04·108 bliain 4.678 Tóiriam a 231
Tóiriam a 231 UY Úráiniam Y β 25.52 uair 0.391 Prótachtainiam a 231
Prótachtainiam a 231 α 32760 bliain 5.150 Achtainiam a 227
Achtainiam a 227 Ac Achtainiam β 98.62%
α 1.38%
21.772 bliain 0.045
5.042
Tóiriam a 227
Frainciam a 223
Tóiriam a 227 RdAc Radachtainiam α 18.68 lá 6.147 Raidiam a 223
Frainciam a 223 AcK Achtainiam K β 99.994%
α 0.006%
22.00 nóiméad 1.149
5.340
Raidiam a 223
Astaitín a 219
Raidiam a 223 AcX Achtainiam X α 11.43 lá 5.979 Radón a 219
Astaitín a 219 α 97.00%
β 3.00%
56 soicind 6.275
1.700
Biosmat a 215
Radón a 219
Radón a 219 An Achtanón α 3.96 soicind 6.946 Polóiniam a 215
Biosmat a 215 β 7.6 nóiméad 2.250 Polóiniam a 215
Polóiniam a 215 AcA Achtainiam A α 99.99977%
β 0.00023%
1.781 milleasoicind 7.527
0.715
Luaidhe a 211
Astaitín a 215
Astaitín a 215 α 0.1 milleasoicind 8.178 Biosmat a 211
Luaidhe a 211 AcB Achtainiam B β 36.1 nóiméad 1.367 Biosmat a 211
Biosmat a 211 AcC Achtainiam C α 99.724%
β 0.276%
2.14 nóiméad 6.751
0.575
Tailliam a 207
Polóiniam a 211
Polóiniam a 211 AcC' Achtainiam C' α 516 milleasoicind 7.595 Luaidhe 207
Tailliam a 207 AcC" Achtainiam C" β 4.77 nóiméad 1.418 Luaidhe a 207
Luaidhe a 207 . cobhsaí . .