Calafoirniam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachCalafoirniam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus dúile sintéiseacha
Calafoirniam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachCf
Uimhir adamhach98
Cumraíocht leictreon[Rn] 5f¹⁰ 7s²
Peiriad, Grúpapeiread 7
achtainíd
Airíonna fisiceacha
Dlús15.1 kg/m⁻³
Leáphointe1,173
Leictridhiúltacht1.3
Ga ianach0.95, 0.82 agus 0.92
Stair
AimsitheoirStanley Gerald Thompson, Kenneth Street Jr., Albert Ghiorso agus Glenn Theodore Seaborg
Fionnachtain1950
EapainmCalifornia

Is é an calafoirniam dúil uimhir a 98, agus is í an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná Cf. Táirgeadh an chéad eiseamal calafoirniam in Ollscoil California, Berkeley, thiar sa bhliain 1950 trí chiúiriam a bhombardú le halfa-cháithníní (núicléis héiliam). Ba é an calafoirniam an séú dúil thrasúránach a sintéisíodh, agus é ar ceann de na dúile is troime a ndearnadh eiseamal inmheáite díobh. Fuair sé a ainm ón stát agus ón ollscoil inar táirgeadh an chéad uair é.

Is achtanóideach trasúránach é an calafoirniam, agus mar sin, ní díol iontais é nach bhfuil oiread is aon iseatóp cobhsaí amháin aige - dúil radaighníomhach é. Is é 251Cf an t-iseatóp is fadsaolaí, nó tá sé 898 mbliana ar leathré. Níl ann ach tamall beag i dtéarmaí na geolaíochta.

Miotal lonrach insínte é an calafoirniam, ach tagann smúit ocsaíde air agus é ag imoibriú le hocsaigin an aeir. Tá sé chomh radaighníomhach is nach bhfuil sé furasta taighde a dhéanamh ar a shaintréithe ceimiceacha, ach is dócha go bhfuil sé cosúil leis an diospróisiam, an lantanóideach atá suite taobh thuas den chalafoirniam sa tábla peiriadach.

Ní féidir teacht ar an gcalafoirniam sa dúlra, cé go bhfuil sé incheaptha go bhfuil iarsmaí mionbheaga de le fáil sna mianraí úráiniam. Is léir nach bhfuil ról ar bith ag dúil chomh tearc, chomh radaighníomhach sin sna horgánaigh bheo. A mhalairt ar fad, is dual don chalafoirniam carnadh sna cnámha agus dochar tromchúiseach a dhéanamh don smior cnáimhe.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]