Béite-mheath

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Béite-mheath

Próiseas meata nádúrtha radaighníomhaigh ina ndíscaoileann neodrón i núicléas an adaimh go spontáineach ina phrótón, a fhanann sa núicléas, is ina leictreon (an béite-cháithnín), a astaítear as an adamh. Bíonn an fórsa núicléach lag taobh thiar de. Tarlaíonn astú frithneoidríonó ag an am céanna i gcónaí. Mar shampla, is béite-astaíre é stróintiam-90 le leathré 28.1 bliain.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Béite-mheath". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 70.