Béite-cháithnín
Appearance
An cáithnín luchtaithe a astaítear i mbéite-mheath. De ghnáth is leictreoin (ardfhuinnimh) ar ardluas a astaítear, ach uaireanta astaítear posatrón agus tugtar béite-cháithnín air seo freisin. Tugtar béite-gha ar shruth díobh, ceann amháin den 3 shaghas astaíochta radaighníomhaí. Bíonn raon leathan fuinnimh ag na béiteacháithníní ó fhoinse ar leith. De ghnáth is féidir leo taisteal roinnt méadar san aer.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Béite-cháithnín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 70.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |