Tailliam
| Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach agus chalcophile element (en) |
|---|---|
| Tailliam sa tábla peiriadach | |
| Siombail cheimiceach | Tl |
| Uimhir adamhach | 81 |
| Mais adamhach | 204.38 |
| Peiriad, Grúpa | peiread 6 grúpa 13 |
| Airíonna fisiceacha | |
| Dlús | kg/m⁻³ |
| Leictridhiúltacht | 1.62 |
| Ga ianach | 1.5, 1.59, 1.7, 0.75, 0.89 agus 0.98 |
| Stair | |
| Aimsitheoir | William Crookes |
| Fionnachtain | 1861 |
| Eapainm | tallas |
Is dúil cheimiceach é an tailliam. Is é an meáchan adamhach atá aige ná 204.388 g/mol. Is é dúil uimhir a 81 é, agus is é Tl an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha. Ceann de na miotail iar-thrasdultacha atá ann. Tá sé cosúil leis an stán, ach tagann smúit air faoi thionchar an aeir. Nimh atá ann, agus sna laethanta a bhí, ba ghnách luchóga móra agus feithidí a mharú le tailliam. Tá sé chomh nimhiúil don duine féin, áfach, go bhfuil an chuid is mó de na náisiúin shibhialta ag iarraidh éirí as an úsáid sin. Bhain a lán dúnmharfóirí úsáid as an tailliam chomh maith.
Inniu, úsáidtear an chuid is mó den tailliam sa leictreonaic, go háirithe sna leathsheoltóirí. Tá an tailliam an-bhraiteach ar an radaíocht infridhearg, nó athróidh a sheoltacht go mór má bhuaileann radaíocht den chineál sin é. Is féidir tailliam a úsáid i mbrathadóirí radaíochta eile freisin, cosúil leis na cinn a aithníonn radaighníomhaíocht.
Tá dhá staid ocsaídiúcháin ag an tailliam ina chuid comhdhúil: +1 agus +3.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |