Margaret Atwood
Scríbhneoir ilghníomhach Ceanadach is ea Margaret Eleanor Atwood a rugadh ar an 18 Samhain 1939 in Ottawa, Ontario i gCeanada. Scríobhann sí filíocht, aistí faoin gcritic agus téamaí eile, agus ficsean, idir ghearrscéalta agus úrscéalta.
Foilsíodh an chéad chnuasach filíochta uaithi sa bhliain 1966, mar atá The Circle Game. Tá 15 leabhar filíochta foilsithe aici go dtí seo. Pléann sí an caidreamh idir fir agus mná go minic, agus tá dánta scríofa aici faoin ngaol idir máthair is leanbh (Two-Headed Poems, 1978).
Thuill sí clú di féin mar úrscéalaí le Surfacing sa bhliain 1972. Tá trí úrscéal diostóipeacha scríofa aici, is é sin, scéalta atá suite in áiteanna atá níos measa as ná mar atá inár am agus áit féin. The Handmaid's Tale (1968) an chéad díobh seo, é suite in "Gilead" (na Stáit Aontaithe) ag am éigin sa todhchaí ina bhfuil gach ceart caillte ag na mná.
Dar le léirmheastóir, tá lorg leithéidí The Handmaid's Tale le brath ar an úrscéal iar-apacailipteach An Dara Rogha le Celia de Fréine,[1] úrscéal a bhfuil ar aon dul leis dar le léirmheastóir eile.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Aonghus Ó Lochlainn (Meán Fómhair 2022). "An Dara Rogha: Léirmheas le hAonghus Ó Lochlainn". Comhar 82 (9): lgh 22–23.
- ↑ Hannah Ní Chonghaile (2023-05-11). "Ceithre mholadh randamacha don léitheoir craosach". NÓS. Dáta rochtana: 2026-03-06.[nasc briste go buan]
| Is síol beathaisnéise é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |