Mairéad Mhic Dhonncha
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1945 80/81 bliana d'aois Baile Reo, Éire |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | amhránaí |
| Seánra | Sean-nós |
| Uirlis | Ceol gutha |
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh agus tógadh Mairéad Mhic Dhonncha (Nic Gearailt) i gCuas an Bhodaigh, Baile Reo, Corca Dhuibhne, ach tá cónaí uirthi le fada i Ráth Chairn i gContae na Mí.
Tá Mairéad Mhic Dhonncha ag casadh amhráin ó bhí sí ina cailín beag bídeach, is ón mBlascaod a muintir. Fuair sí a stór amhráin óna máthair, Máire Mhic Gearailt (Ní Shúilleabháin). Col ceathrar le Muiris Ó Súilleabháin ba í.[1]
Bhain sí amach a lán duaiseanna san amhránaíocht ar an sean nós ag féilte. Buaiteoir ar Chomórtas na mBan ba í ag an Oireachtas. Bhí an corn Pan-Cheilteach buaite aici chomh maith le Gradam Sean-Nóis Cois Life.[2]
TG4
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinneadh roinnt clár a raibh sé d'aidhm acu (ar TG4 agus ar Raidió na Gaeltachta) agus í ag casadh amhrán ar an sean-nós. Thar na blianta, tháinig Mairéad Mhic Dhonncha ar mórán chláir teilifíse mar aoi-amhránaí. Bhí Mairéad Mhic Dhonncha ina aoi-amhránaí ar Amhráin is Ansa Liom ar TG4 le linn an dara sraith sa bhliain 2011 is í cur síos ar na hamhráin is fearr léi, ar an stíl ceoil is ansa léi agus ar foinse na n-amhrán atá aici.[3]
Dioscliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Up Cuas, 1990
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1990, d’eisigh Mairéad Mhic Dhonncha a chéad cheirnín, 'Up Cuas!' (Cuas an Bhodaigh, Baile Reo, Corca Dhuibhne).[4] Tá 12 amhráin in iomlán ar an sean nós ar an albam seo.
Bun an Bhaile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá amhráin Chorca Dhuibhne ar an diosca an seo, mar shampla Éamon Mhagáine, Beauty Deas an Oileáin, agus Bruach na Carraige Báin.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Mar a dúirt Mairéad Mhic Dhonncha sa chlár ó TG4 ar YouTube
- ↑ dar le CIC
- ↑ Chas sí na hamhráin is ansa léi: 'Oileán Dhún an Óir', 'Táimse ar an mbaile seo', agus 'Táim sínte ar do Thuama'.
- ↑ Cló Iar-Chonnachta[nasc briste go buan]
- ↑ CIC[nasc briste go buan]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Físeanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Mairéad Mhic Dhonncha ar TG4, ag casadh Táim Sínte ar do Thuama
- Mairéad Mhic Dhonncha ar TG4, ag casadh Oileán Dhún an Óir