Jump to content

Madra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Madadh)
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoMadra
Canis familiaris Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
AicmeMammalia
OrdCarnivora
FineCanidae
TreibhCanini
GéineasCanis
SpeiceasCanis familiaris Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758

Ainmhí clóis is ea an madra (madadhgadhar) (Canis lupus familiarisCanis familiaris). Mamach atá ann.

cú faoil
ar rásraon con
sotar rua

D'eascair madraí an lae atá inniu ann ón mac tíre, an chéad ainmhí a ceansaíodh, timpeall 11,000-3,000 RC. Mar gheall ar an bpórú a rinne daoine is mór an éagsúlacht atá ann i measc na gcineál éagsúla. Tá na madraí flúirseach go maith ar fud an domhain.[1]

Tá timpeall 400 pór baile ann anois, a rangaítear mar mhadraí oibre, madraí spóirt, cúnna, brocairí, madraí neamhspóirtiúla, agus maidríní beaga bídeacha. Tugtar madra ar an bhfireannach, saith ar an mbaineannach, agus coileán ar an madra óg.[2]

  • Is teann gach madra gearr i ndoras a thí féin.
  • Má bhuaileann tú mo mhadra buailfidh tú mé féin.
  • Is fearr madra beo ná leon marbh.
  • Nuair atá do lámh i mbéal an mhadra, tarraing amach go bog é.
  • Coinnigh an cnámh agus leanfaidh an madra thú.
  • Is olc an cu nach fiú a liú.
  • An té a luíonn le madraí, éiríonn sé le dreancaidí.
coileán ag éisteacht go géar

Tá roinnt focail speisialta a bhfuil tionchar ar leith acu ar mhadaidh - ocras, páirc, siúl, agus, go deimhin, dinnéar! Ach tá grúpa cainíneach tallannach ann agus is dóigh go bhfuil cumas den scoth acu ag foghlaim stór focal an duine, agus iad ábalta teanga a fhoghlaim ag cúléisteacht, sa bhealach céanna ina ndéanann tachráin.

Foilsíodh taighde san irisleabhar “Science”, a léiríonn go bhfuil na “foghlaimeoirí focal tallanacha” cainíneacha seo, atá in ann ainmnithe bréagán a fhoghlaim fríd traenáil cheana féin, in ann focail a thabhairt leo gan ach comhrá a chluinstin sa chúlra.[3]

Dúirt Clive Wynne,[4][5] iompraí cainíneach ag Ollscoil Stáit Arizona go “ndearnadh go han-mhaith” an taighde, ach chuir sé comhairle ar dhaoine gur ainmhithe “fíor-eisceachtúla” a bhí iontu agus nár cheart dóibh a bheith ag tnúth le sárbhuanna ó pheataí teaghlaigh.[6]

Bhí madra sléibhe Beirneach darb ainm 'Bród'[7] ag Uachtaráin na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn, a bhí leis formhór den am agus é ag obair in Áras an Uachtaráin. Bhíodh deirfiúr le Bród, Síoda, ach fuair sí bás i Meán Fómhair 2020.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Study reveals the diversity of early dogs | CNRS" (en). www.cnrs.fr (2025-11-13). Dáta rochtana: 2026-01-10.
  2. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).
  3. RTÉ News (2026-01-08). "Gifted dogs learn vocabulary by eavesdropping - study" (as en).
  4. "Clive Wynne" (en). caninecognition. Dáta rochtana: 2026-01-10.
  5. "Clive Wynne" (as en) (2025-12-23). Wikipedia.
  6. Conradh na Gaeilge, Londain (10 Eanáir 2026). "Nuacht Mhall" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2026-01-10.
  7. "GAILEARAÍ: Cé a bhí ag Cóisir na Gaeilge le Micheál D. Ó hUigínn in Áras an Uachtaráin?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-01-20.