Lugaid Lága
Cineál | carachtar miotasach |
---|---|
Comhthéacs | |
Cruinne | miotaseolaíocht na gCeilteach |
Dáta | |
Inscne | fireann |
I Miotaseolaíocht na nGael, sárghaiscíoch ab ea Lughaidh Lágha (Sean-Ghaeilge Lugaid Lága). Faightear é i scéalta na Rithe agus na Fiannaíochta araon. Dúradh gurbh ar cheann de na cúigear gaiscíoch is fearr na hÉireann. Faightear Lughaidh Lágha eile sa Rúraíocht.
Seanscéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Na ríthe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Deartháir rí na Mumhan, Ailill Aulom, agus uncail Eoghan Mór ab ea Lughaidh. In ainneoin a chlainne, curadh Lughaidhe mhic Con ab ea é. Tar éis Chath Cenn Abrat, inar chloígh Mac Con, chuaigh sé leis ar deoraíocht. Níos deireanaí i rith Cath Maige Mucrama, mharaigh sé Art mac Cuinn. In ainneoin seo, nuair a thug Mac Con suas a choróin i bhfabhar Chormaic mhic Airt, chuaigh Lughaidh le Cormac mar ghiolla.
Fiannaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]San Fhiannaíocht, ba ghaiscíoch suntasach na bhFiann é le Fionn mac Cumhaill. Cosantóir Uirne, deirfiúr Mhuirne, ab ea é.
Rúraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa scéal úd, chomhghuaillí Eirc mhic Chairbre agus marfóir Chú Chulainn ab an Lughaidh seo. Mharaigh sé Cú Chulainn le hurchar sleá, agus bhain sé a cheann de. D'agair Conall Cearnach níos déanaí díoltas as dúnmharú a dheartháir altrama.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Bernhard Maier: Lexikon der keltischen Religion und Kultur (Kröners Taschenausgabe. Band 466). Kröner, Stuttgart 1994, ISBN 3-520-46601-5.