Jump to content

Loch Dearg

(Athsheolta ó Loch dearg)
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachLoch Dearg
(ga) Loch Dearg Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálLoch Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie111239 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Tír abhantraíÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Limistéar riaracháinContae Dhún na nGall, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 54° 36′ 50″ N, 7° 52′ 20″ O / 54.613888888889°N,7.8722222222222°W / 54.613888888889; -7.8722222222222
Tréithe
Airde os cionn na farraige143 m Cuir in eagar ar Wikidata
Doimhneacht ingearach3 m Cuir in eagar ar Wikidata
Achar8.9 km² Cuir in eagar ar Wikidata

Is loch beag é Loch Dearg[1] atá suite i gContae Dhún na nGall timpeall 7 gciliméadar lastuaidh den bhaile beag Paiteagó. De réir traidisiúin, Fionnloch an logainm a bhí air anallód.

Tá achar 890 heicteár ann agus tá sé éadomhain go leor. I lár na locha tá oileán beag darb ainm Purgadóir Phádraig. Tá tóir ar an áit seo mar ionad oilithreachta leis na céadta bliain. Tá an chéad tagairt dhíreach don traidisiún seo sa Tractatus de Purgatorio Sancti Patricii, leabhar a scríobhadh sa dara haois déag agus a bhain clú agus cáil amach ar fud na hEorpa sa Mheánaois.[2]

De réir laoi na 1600í, ar a dtugtar 'Laoidh Locha Deirg' nó 'Seilg na Féinne ós cionn Locha Deirg', bhí ollphéist sa loch i bhfad ó shin a d'ith an oiread sin ainmhithe gach lá.[3] San laoi seo, téann na Fianna i gcomhrac léi agus slogtar cuid mhór acu. Agus Fionn mac Cumhaill ag iomrascáil leis an ollphéist, léimeann a mhac Dáire isteach i mbéal na péiste agus gearrann sé bealach amach dá chomhghlacaithe trína hascaill. Is ar an ár seo a athbhaisteadh an loch:

Fionnloch dobh ainm don loch
ar tús a chor a chléireach
do an Loch Dearg air ré a bheó
ó ár na Féine a n-énló
Trí lá & mí & blíaghain
do bhí Loch Dearg fa dhíamhair
ó lá marbhtha Fíana Finn
go deimhin duit a Thailghinn[4]

Seo agus i laoithe eile atá mar struchtúr d'Agallamh na Seanórach, mar a bhfuil Caoilte ag plé eachtraí na bhFiann do Naomh Pádraig. Tá cur síos sa téacs seo ar an ainbheithíoch 'smirdris' i Loch Lurgan agus péist eile i nGleann Dá Loch.[5] I dtéacsanna eile, m.sh. Me Guidhir Fhearmanach ó thús na seachtú haoise déag, tá an ollphéist cloíte ag Naomh Pádraig féin. Dar le hÓ hÓgáin, is é sin an leagan is sine den scéal, bunaithe ar scéal Mhaois ag iompú abhann go fuil.[6]



  1. Loch Dearg/Lough Derg | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. Dáithí Ó hÓgáin (1983). "'Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann". Béaloideas 51: Lch 93. An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society. 
  3. Dáithí Ó hÓgáin (1983). "'Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann". Béaloideas 51: Lch 88. An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society. 
  4. Aodh Ó Dochartaigh (1626-1627). Gerard Murphy: "Seilg Locha Deirg". CELT lch 235-238. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-12-31. Dáta rochtana: 09/02/2020.
  5. Dáithí Ó hÓgáin (1983). "'Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann". Béaloideas 51: Lch 89. An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society. 
  6. Dáithí Ó hÓgáin (1983). "'Moch Amach ar Maidin dé Luain!' Staidéar ar an seanchas faoi ollphiasta i lochanna na hÉireann". Béaloideas 51: Lch 94-5. An Cumann Le Béaloideas Éireann/Folklore of Ireland Society.