Lev Kopelev

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLev Kopelev

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ru) Лев Зиновьевич Копелев
Beathaisnéis
Breith(ru) Лев Залманович Копелев
27 Márta 1912 (Iúlach)
Cív, An Úcráin Cuir in eagar ar Wikidata
Bás18 Meitheamh 1997
85 bliana d'aois
Köln, An Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaDonskoe cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Köln
Ollscoil Kharkiv Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Rúisis
Gníomhaíocht
GairmEasparantóir, beathaisnéisí, staraí liteartha, iriseoir tuairime, léirmheastóir liteartha, scríbhneoir, múinteoir ollscoile, saighdiúir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Wuppertal
Ollscoil Köln Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Cumannach an Aontais Shóivéidigh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaEsperanto, an Rúisis agus an Ghearmáinis
Gairm mhíleata
GéillsineAn tAontas Sóivéadach
CoinbhleachtAn Fronta Thoir (An Dara Cogadh Domhanda)
Teaghlach
CéileRaisa Orlova Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0465727 Discogs: 2737664 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir, scoláire agus easaontóir Sóivéadach ab ea Lev Zinovyevich Kopelev (9 Aibreán 1912 - 18 Meitheamh 1997).[1]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Amsterdam , 1984

Giúdach ab ea Kopelev, agus d'fhoghlaim sé an Ghearmáinis ina bhuachaill óg, rud a chuidigh go mór leis nuair a chuaigh sé chun staidéar a dhéanamh ar léann na Gearmáinise san ollscoil i gCív san Úcráin. Bhí sé ina Chumannach dhílis, agus nuair a d'ionsaigh an Ghearmáin an tAontas Sóivéadach, chuaigh sé sna saighdiúirí. Ó bhí an Ghearmáinis go paiteanta aige, cuireadh i mbun na bolscaireachta é.

Nuair a tháinig an tArm Sóivéadach go dtí an Ghearmáin, chonaic Kopelev saighdiúirí Sóivéadacha ag éigniú ban agus ag dúnmharú sibhialtaigh Ghearmánacha rompu, rud a bhain an-scanradh as. Bhí sé náirithe ag a mhuintir féin, agus d'fhéach sé leis na saighdiúirí a stopadh ó thuilleadh gníomhartha uafáis. Níor thaitin an dearcadh seo le lucht na seirbhísí rúnda. B'é deireadh an scéil gur gearradh téarma príosúnachta deich mbliana air sna campaí géibhinn.

Prág, 1968

Chaith Kopelev an téarma agus corradh sna campaí, ach nuair a fuair Stalin bás, scaoileadh saor é. Fuair sé ar ais a chuid dintiúir mar Chumannach i ndiaidh na hóráide faoi choireanna Stalin a thug Khrushchev ag an bhfichiú hArd-Fheis de chuid Pháirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh. Chrom sé ar ais ar a chuid oibre mar shaineolaí ar an léann Gearmánach.

Easaontas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna 1960idí, thosaigh Kopelev ag cur suim i ngluaiseacht na n-easaontóirí agus ag tréigint an Chumannachais. Nuair a d'fhorghabh an tArm Sóivéadach an Poblacht na Seice sa bhliain 1968, rinne sé agóid ina aghaidh, agus caitheadh amach as an bPáirtí Cumannach é.

Sa bhliain 1981, ruaigeadh Kopelev agus a bhean chéile as an Aontas Sóivéadach. Chuir siad fúthu sa Ghearmáin Thiar, áit a raibh cairde agus lucht aitheantais acu. Sa Ghearmáin dó, rinne Kopelev a dhícheall le maolú ar na réamhbhreithiúnais a bhí ag muintir na tíre sin i leith na Rúise, agus é ag iarraidh athmhuintearas agus comhthuiscint a chothú idir na Gearmánaigh agus na Rúisigh.

In éineacht le Heinrich Böll, d'fhoilsigh sé cúpla leabhair comhrá, inar phléigh an bheirt acu na cuimhní cinn a bhí acu ón Dara Cogadh Domhanda, a chuir ag lámhach a chéile iad.

Sa bhliain 1989, fuair Kopelev cead isteach sa Rúis arís, ach nuair a thaistil sé ar fud na tíre, agus é ag dul ar cuairt chuig seanchairde, chuir an tír coimhthíos air, agus an dóigh ar athraigh an seanfhód idir an dá linn. D'fhill sé go dtí an Ghearmáin, agus chaith sé deireadh a shaoil in Köln. Fuair sé bás ann sa bhliain 1997 in aois 85. Bhí galar corónach croí air.[2]

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

sráid Lew Kopelew, Köln
  • Хранить вечно (Béarla: To Be Preserved Forever, Gearmáinis: Aufbewahren für alle Zeit.) Leabhar dírbheathaisnéise faoin am a chaith sé ina shaighdiúir agus ina oifigeach bolscaireachta, agus faoin dóigh ar gabhadh is ar cimíodh é.
  • И сотворил себе кумира (Béarla: The Education of a True Believer, Gearmáinis: Und schuf mir einen Götzen). Leabhar dírbheathaisnéise faoina chéad óige, agus é ag cur síos ar an dóigh a ndeachaigh sé leis an gCumannachas faoi thionchar na scoile Sóivéadaí.
  • Утоли моя печали (Béarla: Ease My Sorrows, Gearmáinis: Tröste meine Trauer). Leabhar dírbheathaisnéise faoin gcuid eile dá bhlianta sa phríosún agus faoin dóigh ar tháinig sé amach sa deireadh.
  • О правде и терпимости (Béarla: No Jail for Thought)
  • Святой доктор Федор Петрович (Gearmáinis: Der heilige Doktor Fjodor Petrowitsch). Scéal an Dochtúra Friedrich-Joseph Haass. Dochtúir Gearmánach a bhí ann a chuaigh ag obair sa Rúis, áit ar chuidigh sé leis na bochtáin agus leis na príosúnaigh ag tabhairt leighis agus sóláis dóibh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Craig R. Whitney (1997-06-20). "Lev Kopelev, Soviet Writer In Prison 10 Years, Dies at 85" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2019-06-18.
  2. New York Times News Service. "REVERED SOVIET DISSIDENT, AUTHOR LEV KOPELEV, 85" (en-US). chicagotribune.com. Dáta rochtana: 2019-06-18.