Éigniú

Coir thromchúiseach gnéis is ea an t-éigniú — is minic a úsáidtear an téarma banéigniú sa Ghaeilge freisin. Go bunúsach, is éard is brí leis an éigniú ná comhriachtain in aghaidh na tola.
Dlí na hÉireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]In Éirinn, tá an choir seo sainmhínithe de réir dhá acht dlí, an tAcht um an Dlí Coiriúil (Éigniú) ón mbliain 1981 agus an leasú a cuireadh leis an acht sin sa bhliain 1990.
De réir dhlí na hÉireann, má théann an fear chun comhriachtana le bean in aghaidh a tola, ionas go bhfuil a fhios ag an bhfear nach bhfuil sí toilteanach, nó más cuma leis an bhfear faoi thoil na mná, beidh sé ciontach in éigniú.

Nuair a rachaidh an scéal chun na cúirte, caithfidh baill an ghiúiré a marana a dhéanamh ar an gceist, an raibh cúis réasúnta ag an bhfear a shíleadh go raibh an bhean sásta luí leis. Is é an pionós is airde is féidir a ghearradh don éigneoir in Éirinn ná príosúnacht saoil.
An duine a chuidigh leis an gciontóir éigniú a dhéanamh, is féidir é a chiontú i neartú le héigniú, agus an fear a d'fhéach le bean a éigniú cé nár éirigh leis, is féidir é a chiontú in iarracht ar éigniú.
Cuntais finné súl
[cuir in eagar | athraigh foinse]- "Amhailt gan éadain", 10 Márta 2025, Baile Átha Cliath[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cuireann Cabhair Éigeandála um Éigniú[2] seirbhís saor in aisce rúnda éisteachta agus tacaíochta ar fáil do mhná agus d’fhir a ndearnadh éigniú, ionsaí gnéis nó ciapadh gnéis orthu nó ar baineadh mí-úsáid ghnéasach astu ag aon tráth ina saol. Is í an Líne Chabhrach Náisiúnta 1800 778 888 agus tá sí ar fáil 24 uair an chloig sa lá, 7 lá sa tseachtain Tá Seirbhís Ateangaireachta Líne Chabhrach Ionad Éigeandála Bhaile Átha Cliath um Éigniú (DRCC) ar fáil ó Luan go hAoine, ó 8am go 6.30pm, srl[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2025-03-10). ""Éigniú eile a bheith taifeadta" - bean éignithe ag triúr fear" (as ga-IE).
- ↑ 2.0 2.1 Citizensinformation.ie. "An chosúlacht go bhfuil caidreamh mí-úsáide ann a thabhairt faoi deara" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2025-03-10.
- ↑ Citizensinformation.ie. "Seirbhísí Tacaíochta d’Íospartaigh na Coireachta" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2025-03-10.