Jump to content

Ionsaí de chuid Iosrael ar scoil i nGaza

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtIonsaí de chuid Iosrael ar scoil i nGaza
Cineáltarlú
aerionsaí
eirleach Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana6 Meitheamh 2024 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhNuseirat Camp (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TírIosrael Cuir in eagar ar Wikidata

Tharla ionsaí de chuid Iosrael ar scoil i nGaza, i gcampa dídeanaithe Nuseirat i lár stráice Gaza, ar an 6 Meitheamh 2024.[1][2][3][4]

Dúirt lucht leighis san ospidéal al-Aqsa gur maraíodh ar a laghad 40 duine sa ruathar ar an scoil, páistí san áireamh. Bhí an scoil faoi stiúir na Náisiún Aontaithe (UNRWA).

Nuseirat
Baineadh úsáid as buama GBU-39 de chuid Boeing sna Stáit Aontaithe[5]
Philippe Lazzarini

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig an t-ionsaí tráth a bhí cainteanna íogair ar bun faoi shos cogaidh a d'fheicfeadh gialla á scaoileadh ag Hamas agus Palaistínigh á saoradh as príosúin in Iosrael.

D'eisigh na Stáit Aontaithe agus roinnt tíortha eile ráiteas ag tathant ar Iosrael agus ar Hamas cibé comhghéilleadh is gá a dhéanamh le socrú a dhaingniú tar éis chogadh 8 mí i nGaza.[3]

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharla an t-ionsaí i lár na hoíche, agus 6,000 teifigh sa scoil ag an am. Dúirt Hamas gur maraíodh 40 duine, mná agus páistí ina measc, a bhí ar foscadh san ionad. 'Aerionsaí dírithe ar sprioc' a thug Iosrael ar an eachtra, ag maíomh go raibh suas le 30 saighdiúir de chuid Hamas istigh sa scoil. Dúirt urlabhraí Daniel Hagari nach raibh mná agus páistí ann agus go raibh an locht ar Hamas féin.[6] Bhain Iosrael úsáid as GBU-39,[5] buama de chuid Boeing a rinneadh sna Stáit Aontaithe,[2]

Dhiúltaigh urlabhraithe rialtais Gaza líomhain Iosrael gur ionad de chuid Hamas a bhí ann, agus gur leithscéal a bhí ó Iosrael chun an t-ionsaí a dhéanamh.[3]

Tuairimí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dúirt ceannaire UNRWA, Philippe Lazzarini, gur sárú follasach ag an dlí Idirnáisiúnta é ionsaithe míleata ar fhoirgnimh de chuid na Náisiún Aontaithe.[7]

Tá fiosrúchán faoin ionsaí á lorg ag Josep Borrell, ceannasaí polasaí eachtrach an Aontais Eorpaigh. Dúirt Borrell gurb é an foréigean agus an fhulaingt an t-aon saol atá ag na céadta míle sibhialtach neamhurchóideacha, agus gur cheart an fíor-dhrochscéal seo a iniúchadh.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eachtraí eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. BBC. "Gaza war: Israeli strike on UN school kills reportedly kills 35" (en-GB). www.bbc.com. Dáta rochtana: 2024-06-06.
  2. 2.0 2.1 Aaron Boxerman, Abu Bakr Bashir, Erika Solomon, Thomas Fuller (2024-06-06). "Israeli Strike Kills Dozens at Civilian Shelter in Gaza" (en-US). The New York Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-06-06. Dáta rochtana: 2024-06-06.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 Nuacht RTÉ (2024-06-06). "Iniúchadh ar ionsaí Iosrael ar scoil UNRWA ó Josep Borrell" (as ga-IE). 
  4. "Dozens killed in Israeli strike on UN school in Gaza". www.ft.com. Dáta rochtana: 2024-06-06.
  5. 5.0 5.1 "GBU-39 Small Diameter Bomb" (as en) (2024-06-03). Wikipedia. 
  6. Israel Defense Forces (2024-06-06). "Press Briefing by IDF Spokesperson RAdm. Daniel Hagari on Hamas Terrorists Operating Inside a U.N. School". 
  7. Philippe Lazzarini ar X/Twitter. "x.com". X (formerly Twitter). Dáta rochtana: 2024-06-06.