Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainm gearr | UNRWA | ||||
Cineál | eagraíocht faoi stiúir na Náisiún Aontaithe eagraíocht idirnáisiúnta gníomhaireacht chabhrach eagraíocht idir-rialtasach | ||||
Réimse oibre | cúnamh daonnúil | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 1949 | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Limistéar oibriúcháin | an Iordáin, an Liobáin, an tSiria, Stráice Gaza, an Bruach Thiar agus Iarúsailéim Thoir | ||||
Sprioclucht féachana | teifeach Palaistíneach | ||||
Táirge | oideachas, cúram sláinte, seirbhísí sóisialta, oibreacha poiblí, micreachreidmheas agus seirbhís éigeandála | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Stiúrthóir/bainisteoir | Philippe Lazzarini (2020–) | ||||
Máthaireagraíocht | na Náisiúin Aontaithe | ||||
Cuid de | Córas na Náisiún Aontaithe | ||||
Suíomh gréasáin | unrwa.org | ||||
Gníomhaireacht speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe is ea Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear[1] (nó i mBéarla, UNRWA[2]).
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Cuireadh an ruaig ar na Palaistínigh sa Phalaistín den chéad uair in 1948 agus bunaíodh UNRWA ar an 8 Nollaig 1949 (Rún na Náisiún Aontaithe 302(IV))/
Bhí John Ging, arb as Port Laoise ó dhúchas dó, ina cheannaire ar an UNRWA i Stráice Gaza le linn 2006-2011.[3] Bhí foireann 10,000 duine faoi stiúir Ging agus buiséad $400 milliún in 2009.
Bhraith 80% den daonra ar chúnamh idirnáisiúnta agus 100% in 2024.
Maoiniú[cuir in eagar | athraigh foinse]
In 2023 bhí 13000 fostaí ag UNRWA agus chuir Iosrael líomhaintí i leith 12 acu sin as páirt a ghlacadh san ionsaí a rinneadh ar 7 Deireadh Fómhair 2023, ionsaí a chuir lasair an uafáis sa bharrach.[4][5] Maíodh ina dhiaidh sin gur líomhaintí gan bhunús a bhí iontu.
Tharraing go leor tíortha - Meiriceá agus an Bhreatain i measc riar eile - siar ón tacaíocht a bhídís a thabhairt d’UNRWA mar thoradh ar líomhaintí Iosrael go raibh baint ag cuid de mheitheal na hÁisíneachta leis an ionsaí a rinne Hamas ar Iosrael an 7ú Deireadh Fómhair 2023. Idir an t-am sin agus Márta 2024, maraíodh fiú agus breis is 160 pearsanra de chuid UNRWA. Ach bhí níos mó ná €400 milliún tógtha as ciste UNRWA le linn an ama chéanna.
Dúirt an tUachtarán Michael D Higgins i mí an Mhárta 2023 go raibh "feachtas bolscaireachta" dírithe in aghaidh na Náisiún Aontaithe agus go raibh sé ag iarraidh ar thíortha na cruinne an maoiniú fóirithinte a chuirtear ar fáil d’UNRWA a mhéadú.
Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]
D’fhógair Rialtas na hÉireann cuidiú sa bhreis don UNRWA, cuidiú a raibh luach €20 milliún air, i mí Feabhra 2024.[6][7] Tacaíonn Éire le fada an lá le hobair UNRWA.[8]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ tearma.ie
- ↑ Béarla: United Nations Relief and Works Agency for Palestine Refugees in the Near East
- ↑ Robert McMillen (Aibreán 2009). "John Ging" (as ga-IE). Wikipedia.
- ↑ "Sos cogaidh a chuirfeadh deireadh leis an gcoimhlint molta ag Hamas" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-02-07). Dáta rochtana: 2024-03-12.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-03-01). "Brú ag teacht ar Iosrael i ndiaidh eachtra an lae inné" (as ga-IE) Tarraingíodh conspóid mhór faoi UNRWA i mí Eanáir nuair a chuir Rialtas Iosrael i leith na heagraíochta go raibh daoine áirithe ag obair dó a bhí rannpháirteach san ionsaí a rinne Hamas ar an 7ú Deireadh Fómhair..
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-03-11). "'Feachtas Bolscaireachta' i gcoinne na NA - an tUachtarán" (as ga-IE).
- ↑ "Tánaiste announces €20 million in support for the UN Relief and Works Agency (UNRWA)" (ga). www.gov.ie (2024-02-15). Dáta rochtana: 2024-03-12.
- ↑ "An Cás i nGaza agus in Iosrael – Cad é seasamh na hÉireann? - Department of Foreign Affairs". www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2024-03-12.