Foireann sacair náisiúnta Phoblacht na hÉireann
| Poblacht na hÉireann | |||||||||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
|
| |||||||||||||||||||||
Culaith
| |||||||||||||||||||||
| Cumann | FAI | ||||||||||||||||||||
| Comhaontas | UEFA | ||||||||||||||||||||
| Cód FIFA: | IRL | ||||||||||||||||||||
| Leasainm: | Na mBuachaillí i nGlas (The Boys in Green) | ||||||||||||||||||||
| Bainisteoir | |||||||||||||||||||||
| An imreoir is mó a roghnaíodh | Robbie Keane (146) | ||||||||||||||||||||
| Príomhscórálaí | Robbie Keane (68) | ||||||||||||||||||||
| Staidiam | Staidiam Aviva | ||||||||||||||||||||
| Rangú FIFA | 60ú | ||||||||||||||||||||
| An chéad chluiche idirnáisiúnta Colombes, An Fhrainc; 28 Bealtaine 1924 | |||||||||||||||||||||
| Toradh is fearr Baile Átha Cliath, Éire; 16 Samhain 1983 | |||||||||||||||||||||
| Toradh is measa Uberlândia, An Bhrasaíl; 27 Bealtaine 1982 | |||||||||||||||||||||
| Corn an Domhain | |||||||||||||||||||||
| Páirteachas | 3 (Céad i 1990) | ||||||||||||||||||||
| Toradh is fearr | Ceathrú ceannais, 1990 | ||||||||||||||||||||
| Craobh na hEorpa | |||||||||||||||||||||
| Páirteachas | 3 (Céad i 1988) | ||||||||||||||||||||
| Toradh is fearr | Babhta le 16, 2016 | ||||||||||||||||||||
Is í foireann peile náisiúnta Phoblacht na hÉireann a dhéanann ionadaíocht do Phoblacht na hÉireann i gcomórtais sacair. Tá an fhoireann náisiúnta faoi stiúir Cumann Peile na hÉireann agus imrítear a gcluichí baile sa Staidiam Aviva i mBaile Átha Cliath.
Cháiligh an fhoireann dá gcéad mhórchomórtas sa bhliain 1988 nuair a shroicheadar Craobh na hEorpa sa Ghearmáin. Bhí bua cáiliúil acu in aghaidh Shasana sa chomórtas seo, agus rinneadh laochra de na peileadóirí mar thoradh. Cháiligh siad do Chraobh na hEorpa arís sa bhliain 2012 agus 2016 agus do Chorn Sacair an Domhain sna blianta 1990, 1994 agus 2002.
Staid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Imríonn an fhoireann ag imirt a gcluichí baile sa Staidiam Aviva, áis a roinneann siad le foireann rugbaí na hÉireann. Roimhe sin, d'imir an dá fhoireann i bPáirc an Chrócaigh mar shocrú sealadach, fad agus a bhí athfhorbairt á dhéanamh ar pháirc Bhóthar Lansdún i mBaile Átha Cliath, mar a thugaí air.
Is é Staidiam Aviva ceanncheathrú an IRFU chomh maith, eagraíocht stiúrtha rugbaí in Éirinn. D'imir an fhoireann sacair a chéad chluiche sa staid seo i gcoinne na hIodáile sa bhliain 1971. Roimhe seo, bhíodh cluichí á imirt bPáirc Cnocán Uí Dhálaigh.

Eagraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba tuairim leath bealaigh trí ré bainistíochta Jack Charlton (1986-1996) a shroich foireann sacair na hÉireann an runga ab airde ariamh acu ar dhréimire fiúntais FIFA – an séú háit i 1993.[1] Ón am ar chríochnaigh ré órga Charlton go dtáinig deireadh le réimeas Martin O’Neill in 2018, ba i measc an scór nó tríocha foireann ar bharr an tábla a bhíodh Éire. Ach in 2025, sa 62ú háit ar domhan a bhí Éire.[2]
Is iad Stephen Kenny agus Heimir Hallgrímsson na bainisteoirí is deireanaí i gceannas – go dtí seo d’imir a gcuid foirne i 38 cluiche i gcomórtais de chuid UEFA/FIFA. Naoi gcinn acu sin a bhuadar.
Baineann cuid den mheath leis an gcaoi a bhfuil leagan amach an tsacair athraithe ó bhonn ó aimsir Jack Mór. Tá baint nach beag ag an rath atá tagtha ar Premiership Shasana ó bunaíodh sin i 1992 leis an scéal.
Sa lá atá inniu ann is é an Premier League an tsraith is saibhre agus is tarraingtí ar domhan. Seachtar Éireannach a bhí ina measc in 2025 – díobh siúd ag Nathan Collins agus ag Caoimhín Kelleher amháin atá áiteanna buana ar fhoirne a gclubanna.[1]
Cuir sin i gcomparáid leis an am a raibh foirne na hÉireann ar thús cadhnaíochta. Imreoirí Príomhroinne ar fad (Sasana/Albain) a bhí ar an bpáirc ag Charlton sa mbua ar an Iodáil i gCorn an Domhain 1994. Deich mbliana fichead roimhe b’amhlaidh, nach mór, a bhí ar Pháirc Chnocán Uí Dhálaigh nuair a bhuaigh Johnny Giles agus a chomrádaithe ar fhoireann de chuid na Spáinne a raibh a gcuid peileadóirí ag imirt do chlubanna móra na tíre sin, Bilbao, Athletico Madrid, Barcelona, Valencia agus Zaragossa.
Bhí ceathrar as Manchester United a bhuaigh Sraith 1 an tséasúir sin ag Éirinn – Pat Dunne, Shay Brennan, Tony Dunne agus Noel Cantwell, mar aon le Giles (Leeds Utd), Andy McEvoy agus Mick McGrath (Blackburn) – ba é McEvoy príomhscórálaí Shraith Roinn 1 an séasúr sin. Le Bristol Rovers a bhí Joe Haverty ag imirt, formhór a shaoil caite aige le Arsenal, áit a ndeachaigh sé agus gan é ach 18 bliain.
Gheobhadh ceachtar den bheirt as Sraith na hÉireann a bhí ar an bhfoireann áit ar fhoirne móra an lae i Sasana. Go deimhin chaith Frank O’Neill (Ruagairí na Seamróige) cúpla bliain ansin le Arsenal gur fhill sé abhaile agus bhí Jackie Hennessy (Shelbourne) chomh hábalta céanna.
Fágann an Breatimeacht agus rialacha na hEorpa faoi chosaint leanaí nach ceadaithe d’imreoirí maithe óga na tíre seo an cosán a ghlac seisean a shiúl anois – bhí Nathan Collins ar an duine deireanach a rinne sin in 2016.
Deir Fenlon nach mór go mbeadh plúr na bpeileadóirí ag traenáil go lánaimseartha ó bhíonn siad 16 bliain. Níl deis anois acu dul thar lear le sin a dhéanamh agus bíonn siad taobh le clubanna na tíre seo. Ar ndóigh níl bealach faoi spéir go mbeidís siúd in acmhainn a leithéid a sheasamh.[1]
Stair chomórtais
[cuir in eagar | athraigh foinse]Corn Sacair an Domhain
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1930 - Níor ghlac siad páirt
- 1934 go 1986 - Níor cháiligh siad
- 1990 - Cluiche ceathrúcheannais
- 1994 - Babhta 2
- 1998 - Níor cháiligh siad
- 2002 - Babhta 2
- 2006 go 2022 - Níor cháiligh siad
Craobh na hEorpa
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1960 go 1984 - Níor cháiligh siad
- 1988 - Babhta 1
- 1992 go 2008 - Níor cháiligh siad
- 2012 - Babhta 1
- 2016 - Babhta le 16
- 2020 go 2024 - Níor cháiligh siad
Bainisteoirí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Heimir Hallgrímsson (2024-)
- Stephen Kenny (2020-2023)
- Martin O'Neill (2013-2018)
- Giovanni Trapattoni (2008-2013)
- Steve Staunton (2006-2007)
- Brian Kerr (2003-2005)
- Mick McCarthy (1996-2002) agus (2018-2020)
- Jack Charlton (1986-1995)
- Eoin Hand (1980-1985)
- Alan Kelly (1980)
- John Giles (1973-1980)
- Seán Thomas (1973)
- Liam Tuohy (1971-1973)
- Mick Meagan (1969-1971)
Scórálaithe is fearr
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Uimhir | Ainm | Ós rud é | Cúl | Caipín |
|---|---|---|---|---|
| 1. | Robbie Keane | 1998–2016 | 68 | 146 |
| 2. | Niall Quinn | 1986–2002 | 21 | 91 |
| 3. | Frank Stapleton | 1977–1990 | 20 | 71 |
| 4. | Don Givens | 1969–1981 | 19 | 56 |
| John Aldridge | 1986–1997 | 19 | 69 | |
| Tony Cascarino | 1985–2000 | 19 | 88 | |
| 7. | Shane Long | 2007–2021 | 17 | 88 |
| 8. | Noel Cantwell | 1953–1967 | 14 | 36 |
| Jonathan Walters | 2010–2018 | 14 | 54 | |
| Kevin Doyle | 2006–2017 | 14 | 63 |
Iar-imreoirí cáiliúla
[cuir in eagar | athraigh foinse]Scuaid faoi láthair
[cuir in eagar | athraigh foinse]
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Mártan Ó Ciardha (14 Meán Fómhair 2025). "Ariamh le mo chuimhne ní fhaca mé pobal an tsacair sa tír seo chomh díomách faoin bhfoireann náisiúnta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-11-17.
- ↑ "Aisling na hÉireann beo ar éigean agus Ronaldo agus a chairde i mBaile Átha Cliath" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-11-13). Dáta rochtana: 2025-11-17.