Flann Ó Riain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFlann Ó Riain
Beathaisnéis
Breith18 Meán Fómhair 1929
Leamhcán, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás6 Nollaig 2008
79 bliana d'aois
Tiobraid Árann, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Phádraig, Droim Conrach Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmcartúnaí, gníomhaí, scríbhneoir, beochantóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

Cartúnaí, scríbhneoir agus gníomhaí Gaeilge ab ea Flann Ó Riain (nó Doll) (1929–2008). Rugadh é ar 18 Meán Fómhair 1929 i Leamhcán, Baile Átha Cliath. Ba iad Edmund Ryan, garda as Áth an Chuillinn, agus Nora (Brennan a sloinne roimh phósadh di) as Contae Laoise a thuismitheoirí. Is beag Gaeilge a bhí ag a athair féin, ach theastaigh uaidh go mbeadh a mhac líofa sa teanga agus ghlac sé post ar Árainn Mhór, Contae Dhún na nGall, áit ar thosaigh Flann ar a bhunoideachas. Agus an teaghlach ag bogadh thart ar mhaithe le poist a athar, d’fhreastail Flann ar scoileanna náisiúnta i nDún Búinne, Contae na Mí, agus ar Ard Fhearta, Contae Chiarraí, meánscoil na mBráithre Críostaí i dTrá Lí, Ciarraí, agus ar Choláiste Íosagáin, Baile Bhuirne, Contae Chorcaí. Tar éis dó cáiliú mar mhúinteoir bunscoile i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath, mhúin sé ar feadh tamaill sa Cheapach Mhór, Contae Luimnigh, sular bhog sé go Scoil Chiaráin CBS, Domhnach Cearna, Baile Átha Cliath. Phós sé Norita Collins, ó Thigh Molaige, Contae Chorcaí ar 30 Meitheamh 1958 i séipéal Naomh Gabriel, Cluain Tarbh. Bhí triúr mac agus triúr iníonacha orthu, Aoife Ní Riain ina measc.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó aois an-óg bhain sé an-taitneamh as a bheith ag tarraingt cartún agus ag scríobh scéalta do pháistí (i nGaeilge go minic), agus craoladh roinnt acu ar Raidió Éireann ag deireadh na 1950idí. Rinne sé na líníochtaí agus scríobh sé an script do Dháithí Lacha, scannán beoite cúig nóiméad ar fhad a raibh éileamh mór air. Chraoltaí é ar theilifís RTÉ ó na laethanta tosaigh i mí na Nollag 1962 go dtí mí Iúil 1969. Stiallchartún grinn statach a bhí ann a rinneadh ar bhuiséad íseal. Taispeánadh fráma amháin ag an am, agus ba é Dáithí (ar lacha é) an chéad réalta cartúin teilifíse dúchais in Éirinn. Foilsíodh na leabhair Dáithí Lacha (1965) agus Dáithí Lacha '67 (1966) ina dhiaidh sin. Sa bhliain 1976 tháinig an tsraith chartúin "Rí Rá agus Ruaille Buaille" amach.

I 1962 bhuaigh sé comórtas cartún leis an iris mhíosúil Gaeilge Comhar, inar fhoilsigh sé cartúin go rialta ón mbliain 1965. Scríobh sé roinnt alt in Comhar freisin ar nós ‘Cartúnaithe an lae inniu’ (Meitheamh 1965) agus ‘Dialann éisteora’ (Eanáir 1987). Faoin ainm ‘Doll’, d’fhoilsigh sé cartúin in Hibernia, agus ó 1969 bhí sé ina chartúnaí rialta leis an Irish Independent agus an Evening Herald, agus é ag múineadh i rith an ama. Bhíodh súil ghéar aige ar bhréagacht an duine agus ar sheafóid agus áiféis; bhíodh sé ag spochadh as polaiteoirí, forbróirí, eagraíochtaí oifigiúla agus go leor eile, agus i rith na 1970idí is dócha gurbh é an cartúnaí polaitíochta ba mhó le rá in Éirinn é. Bhain sé go leor adhmaid as seasaimh dhaingne na bpáirtithe maidir leis an gcoimhlint sa Tuaisceart agus fimíneacht dhearcadh an státchórais i leith na Gaeilge. Bhuaigh a shaothar go leor duaiseanna meáin agus cuireadh píosaí ar taispeáint in Amharclann na Péacóige i mBaile Átha Cliath (Samhain 1972), sa Munster Arcade i gCorcaigh (Lúnasa 1973), i Halla Taispeántais Bhanc na hÉireann ar Sráid Bhagóid (Márta 1979), i dteach tábhairne Kitty O’Shea i Sráid na Canálach Móire (Nollaig 1983), agus ag imeachtaí rialta ar nós Sheachtain na Scríbhneoirí i Lios Tuathail agus Scoil Samhraidh Mherriman. Foilsíodh cuid dá scothshaothar i mbailiúcháin ar nós I gComhar le Doll (1970) agus Euphoria is a lovely word (1972). Tar éis gur scaoil Independent Newspapers óna phost é (dhiúltaigh na cúirteanna dá achomharc ar dhífhostú éagórach i mí Feabhra 1979), d’oibrigh sé ar feadh tamaill leis an Sunday Tribune.

Ba imreoir díograiseach liathróid láimhe agus cispheile é Ó Riain agus bhí sé ina chisteoir ar Chumann Cispheile Amaitéarach na hÉireann ar feadh dhá bhliain.

Gníomhaí Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’oibrigh sé freisin chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus bhí sé ina bhall gníomhach de Chonradh na Gaeilge. Ba é bunaitheoir Chomhar na mBunmhúinteoirí, eagraíocht náisiúnta múinteoirí bunscoile a bunaíodh i Meán Fómhair 1968 chun úsáid na Gaeilge a spreagadh sa bhunoideachas. Bhí sé ina bhall de Chomhairle na Gaeilge freisin, ach d’éirigh sé as i bhFeabhra na bliana 1971 mar agóid i gcoinne na slí gur theip orthu beart éifeachtach a dhéanamh chun cosc a chur ar an Roinn Oideachais an bhunscoil i nDún Chaoin, Contae Chiarraí a dhúnadh. Ina chomhfhreagras rialta chuig leathanaigh litreacha na nuachtán náisiúnta, rinne sé gearán faoi na deacrachtaí a bhain le plé le ranna rialtais agus comhlachtaí leathstáit i nGaeilge. Cháin sé go háirithe an easpa clár Gaeilge ar RTÉ, agus i Meitheamh 1977 chaith sé seachtain i bPríosún Mhuinseo tar éis dó diúltú fíneáil £25 a íoc as gan ceadúnas teilifíse a bheith aige (rinne baill de Chonradh na Gaeilge agóid taobh amuigh den phríosún le linn na tréimhse a chaith sé faoi ghlas). I mí Dheireadh Fómhair 1978 chaith sé lá sa phríosún as diúltú fíneáil páirceála a íoc toisc gur i mBéarla amháin a bhí an ticéad. Sular thug sé aghaidh ar an bpríosún arís i mí na Samhna 1989, toisc nach raibh sé toilteanach fíneáil £50 a íoc as gan ceadúnas teilifíse a bheith aige, dhumpáil sé a theilifíseán i bhforhalla na Roinne Cumarsáide mar ghníomh stocaireachta.

Náisiúnachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba náisiúnaí tiomanta é Ó Riain, a chreid go raibh dualgas ar náisiúnaithe Éireannacha aontachtaithe an tuaiscirt a thabhairt leo agus a chinntiú go raibh eolas acu ar na buntáistí a bhain le hÉirinn Aontaithe. Sa bhliain 1971 d’eisigh sé cuireadh poiblí chuig lánúineacha aontachtacha teacht ar cuairt go Baile Átha Cliath. D’fhreagair lánúin as Béal Feirste agus chaith siad deireadh seachtaine leis féin agus lena chlann ina dteach i gCluain Tarbh. Baineadh sult as oícheanta ceoil agus fuarthas blaiseadh de chultúr na hÉireann. Ina dhiaidh sin d’fhan Ó Riain i mBéal Feirste le Preispitéireach a bhí ag freastal ar ranganna Gaeilge. D’áitigh sé gurbh é an malartú cultúrtha an bealach ab fhearr le daoine a thabhairt le chéile agus gur éirigh le suim sa cheol, san amhránaíocht agus sa stair áitiúil buachan thar na deighiltí polaitíochta agus creidimh. Ceoltóir fonnmhar a bhí ann a sheinn an fheadóg stáin, an fheadóg mhór agus gaothuirlisí eile. Bhí sé ar bhunaitheoirí chraobh Bhinn Éadair de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus ina chathaoirleach air sa bhliain 1968. Is minic a sheinn sé sna seisiúin cheoil ag scoileanna samhraidh agus geimhridh Merriman. D’admhaigh sé go raibh fonn rúnda air ‘fleadh cheoil a chur trí chéile ar fad trí ríleanna a sheinm ar a ócairín’ (I gComhar le Doll, clúdach cúil).

Colúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobh sé colún logainmneacha móréilimh, ‘Where’s that?’, san Irish Times ó Bhealtaine 1998 go Feabhra 2009, a thug deis dó a ghrá don teanga, don stair áitiúil agus don bhéaloideas a nascadh in aon cholún amháin, agus ba as an gcolún sin a tháinig ábhar an leabhair Townlands of Leinster and the people who lived there (2000). Chun foghlaim na dteangacha Ceilteacha a spreagadh, d’fhoilsigh sé Lazy way to Irish (1993) agus Lazy way to Welsh (1995), inar úsáideadh cartúin mar an príomh-mheán teagaisc. Nuair a theip ar a chaidreamh lena bhean chéile bhog sé go dtí an Ardán, Eatharlach, ag bun shléibhte na Gaibhlte i gContae Thiobraid Árann. Chónaigh sé ansin lena pháirtí, Annette McHugh, agus rinne cathaoirleacht ar Ghaelscoil Thiobraid Árann. Bhí sé le feiceáil sa chlár Aisling Gheal a craoladh ar theilifís RTÉ 2 ar 29 Aibreán 1980. Chun caoga bliain dá shaothar a cheiliúradh, craoladh an clár File na gCartún ar TG4 ar an 10 Eanáir 2001.

Is mó rud a chuireadh an phip dhearg ar Ó Riain, agus bhíodh sé ag gearán go rialta (agus go barrúil) i litreacha chuig na meáin. Chuir sé in aghaidh Éire a dhul isteach i gcomhghuaillíochtaí míleata Eorpacha, agus níor thaitin léirithe móra míleata leis amhail cúirtéisí airtléire agus daoine mór le rá ón gcoigríoch a bheith ag déanamh cigireacht ar ghardaí onóra a bhí armtha. Ba chúis bhróin leanúnach dó é an blas a bhíodh ar láithreoirí agus léitheoirí nuachta RTÉ, agus rinne sé gearán go raibh leagan coimhthíoch de Received Pronunciation dheisceart Shasana, ar ar thug sé an ‘Montrose accent’ , á bhrú ar mhuintir na hÉireann. B’fhéidir go raibh baint éigin ag a thaithí féin leis seo: nuair a d’iarr sé cead, sna 1950idí déanacha, na scéalta do leanaí a bhí scríofa aige do Raidió Éireann a léamh ar an aer, dúradh leis nach raibh a bhlas oiriúnach don raidió. Fuair sé bás in Ospidéal Naomh Uinseann, Baile Thiobraid Árann, ar 6 Nollaig 2008 agus cuireadh é go háitiúil. Bronnadh a bhailiúchán leabhar ar Leabharlanna Thiobraid Árann sa bhliain 2011.

Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Dáithí Lacha - (1965)
  • Dáithí Lacha '67 - (1967)
  • I gComhar le Doll - ISBN 0902537008 (1970)
  • Euphoria is a lovely word - ISBN 0902537008 (1972)
  • Suas agus Siós: Sórt Scéil - ISBN 0905027035 (1976)
  • Lazy Way to Irish - ISBN 0862432871 (1995)
  • Lazy Way to Welsh - ISBN 0862432405 (1995)
  • Scéal An "Union Paddy" - ISSN 0010-2369 (1995)
  • Townlands of Leinster and the People Who Lived There - ISBN 1851824650 (2000)
  • Duanairí 1, maisitheoir - (1974)
  • Lazy Way to Gaelic, maisitheoir - ISBN 1841583316 (1995)

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]