Fearghas mac Aodháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFearghas mac Aodháin
Beathaisnéis
Bás692

Rí na nUlad ba ea Fearghas mac Aodháin (Sean-Ghaeilge Fergus mac Áedáin) (bás 692). Ba bhall é de mhuintir Uí Eachach Chobha, géag de Dhál Araí as iarthair Chontae an Dúin. Clann ar leith ba ea iad leis an phríomhchlann, aitheanta mar Cruithne le linn na ré seo. Áedán mac Mongain (bás 616), iar-rí Eachach Chobha, ba ea a athair.[1]

Ba é an chéad duine de Dhál Araí a bheith i gcoróin Ulad ó Chonghal Caoch ag Mag Roth sa bhliain 639. Ní deirtear cén fáth a ndearnadh rí de, ach bhí an iarchlann, Dál Fhiatach, ciontach i ngaolmharú.

Sa bhliain 691, insítear sna hannála gur scriosadh na Cruithne agus na hUlaid ag fir Dhál Riada[2]

D'éag a mac, Bressal (bás 685), ar a nglaoitear rí Chobha i nAnnála Tiarnaigh, de phlá a bhí forleathan ag an am sin.[3][4] Maraíodh é ag a mhuintir féin sa bhliain 692 dar le hAnnála na gCeithre Máistrí, cé nach insítear i nAnnála Uladh ach go bhfuair sé bás.[5][6]

Phós Fearghas Máel Teglaig, iníon Maoil Uidhre (Máel Odar) (bás 639), rí Oirthir, fine Oiriall i gContae Ard Mhacha. Phós a n-iníon, Ériu, Ailill mac Cennfáelad (bás 702), rí Ciannachta Ghleann Geimhin, Contae Dhoire. Bhí mac eile acu, darbh ainm Máel Cothaig.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. T. M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland
  2. Annála Uladh, AU 691.3
  3. AU 685.3
  4. Annála Tiarnaigh, AT 685.4
  5. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 689.3
  6. AU 692.3