Ebola

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoEbola
Ebola virus Cuir in eagar ar Wikidata
Ebola virus em.png
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Fionnachtaí nó aireagóir Jean-Jacques Muyembe-Tamfum (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Galar Ebola hemorrhagic fever (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
RíochtOrthornavirae
FíleamNegarnaviricota
RangMonjiviricetes
OrdMononegavirales
FineFiloviridae
GéineasFilovirus
SpeiceasEbola virus Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmníocht
Ainmnithe in ómós Ebola River (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarEbola
cuir in eagar
Cineál tacsón agus strain (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eapainm Ebola River (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Pataigineas
Éifeacht Ebola hemorrhagic fever (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana 0247450 Cuir in eagar ar Wikidata
Symptoms of ebola (vector image).svg

Tá an víreas Ebola (EBOV) ar ceann de na sé víreas a aithnítear sa ghéineas Ebolavirus. Bíonn ceithre cinn de na sé víreas sin a bhfuil eolas orthu, EBOV san áireamh, freagrach as fiabhras fuilreatha trom agus marfach go minic i ndaoine agus i mamaigh eile, ar a dtugtar an galar víris Ebola (GVE).

Tá EBOV freagrach as an chuid is mó de bhásanna daonna le GVE sa stair. B'in é ba chúis le heipidéim víreas Ebola na hAfraice Thiar idir 2013 agus 2016, ina mheastar gur ionfhabhtaíodh 28,638 duine ar a laghad agus go bhfuair 11,315 bás.[1]

Víreas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Víreas i bhfine na bhFiloviridae is ea EBOV. Níl aon leigheas ar na galair a tharlaíonn de bharr an víris seo ach déantar iarracht leachtanna a thabhairt don othar tríd an mbéal nó go hinfhéitheach.

Tagann galar fuilreatha ar dhuine ionfhabhtaithe, agus faigheann idir 50% agus 90% de na híobartaigh bás. Déanann sé a bhealach isteach i gcolainn duine trí sheile, fuil (trí athúsáid steallairí go minic san Afraic) nó sreabháin eile nó ó ainmhithe mar an sciathán leathair mar shampla.

Dhá nó trí sheachtain tar éis an víreas a tholgadh tagann fiabhras, pian sa scornach is sna matáin agus tinnis chinn leis. Leanann múisiam, urlacan, buinneach agus ísliú fheidhmiú an ae agus na nduán ina dhiaidh sin.

Ar dtús, is iad tinneas cinn is ardteocht siomptóim an ghalair. De réir a chéile ionfhabhtaíonn na víris an t-ae, na duáin, is na fuileadáin féin. Milleann na víris coirt inmheánach na bhfuileadán, a éiríonn póiriúil, sceitheann an fhuil amach, agus titeann na fíocháin ó chéile.

Briseadh Amach 2013-2016[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharla an phaindéim Ebola ba mhó san Afraic sna 2010idí, timpeall 2013-2016. . Ar an 26 Nollaig 2013, thosaigh ráig den ghalar sa Ghuine in Iarthar na hAfraice.[2]

Ansin scaip an galar níos faide, chuig Siarra Leon, Poblacht Dhaonlathach an Chongó agus an Libéir srl. Ba é an ráig ba mhó agus ba choimpléascaí é dá raibh riamh ann ó sainaithníodh Ebola a chéaduair i 1976. Faoi dheireadh 2015 bhí an víreas nach mór díothaithe as na tíortha sin.

Thar lear bhí cás amháin sna Ríocht Aontaithe fiú. Bhí cásanna sna Stáit Aontaithe, Spáinn, sAn Nigéir agus sAn tSeineagáil. Bhí leapacha in otharlanna an Mater i mBaile Átha Cliath, sa bhliain 2014, curtha ar leataobh má tharlaíonn scaipeadh an ghalair in Éirinn.

Cúnamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 24 Deireadh Fómhair 2014, gheall ceannairí an Aontais Eorpaigh níos mó ná €1 billiún a thabhairt chun cuidiú cosc a chur le scaipeadh an víris Ebola san Afraic Thiar, go háirithe sa Ghuine, i Siarra Leon agus sa Libéir.[3]

Ebola 2014

Liosta briseadh amach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Amlíne na ráigeː

Center for Disease Control in Atlanta, SAM [4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]