Póiriúlacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tréith mheicniúil solad, agus tomhas ar a gcumas sreabháin a ligean tríothu. Is iad na cainéil chaola a dhéanann ábhar soladach póiriúil, a ligeann don ábhar sreabhán a ionsú trí ghníomhú ribeach, díreach mar a ionsúnn spúinse uisce. Faightear ola faoin talamh i gcarraigeacha póiriúla. Draenáileann uisce trí ghaineamh póiriúil scagach.