Spúinse

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoSpúinse
Porifera Cuir in eagar ar Wikidata

Xestospongia testudinaria Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamPorifera Cuir in eagar ar Wikidata
Grant, 1836

Ainmhí ilcheallach le colainn gan aon eagrú i bhfíocháin is orgáin. An cholainn pollta ag córas casta feadán inmheánach a dtiomáineann cealla lasctha uisce tríothu. De ghnáth téann uisce isteach trí phóir (ostia) agus téann amach trí phóir níos mó (oscula). Itheann sé trí bhia a scagadh ón uisce taobh istigh de chóras seo na gcanálacha. Go minic tacaíonn creatlach de struchtúir mhianraithe bhídeacha bhioracha (spícíní) nó de shnáithíní orgánacha leis an gcolainn. Faightear den chuid is mó é sa bhfarraige, idir an crios idirthaoide is an duibheagán, ach uaireanta in uisce úr.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Spúinse". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 620.