Plé:Ebola

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Galar Víreas Ebola Dhá nó trí sheachtain tar éis an víreas a tholgadh tagann fiabhras, pian sa scornach is sna matáin agus tinnis chinn leis. Leanann múisiam, urlacan, buinneach agus ísliú fheidhmiú an ae agus na nduán ina dhiaidh sin. Thart faoin am seo bíonn fadhb ag roinnt daoine le cur fola. Tolgann daoine an galar nuair a theagmhaíonn siad le fuil nó leachtanna colainne ainmhí(sciatháin leathair) mar shampla nó duine. Níl aon leigheas ar leith ann don ghalar. Déantar iarracht leachtanna a thabhairt don othar tríd an mbéal nó san fhuil. Faigheann idir 50% agus 90% de na daoine a thoglann an galar bás dá bharrr. An forleata ba mhó tharla sé i 2014 sna tíortha seo a leanas; an Ghuine, Sierra Leone, agus an Libéir. Tá leabacha in otharlanna an Mater i mBaile Átha Cliath curtha ar leataobh má tharlaíonn scaipeadh an ghalair sa tír s'againne. Má fhilleann tú ón Afraic nó má bhíonn teoch ard ort, moltar duit dul i gcomhairle dochtúra.