Zú Bhaile Átha Cliath
Zú Bhaile Átha Cliath | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Zú | |||
Foirgníocht | 1 Meán Fómhair 1831 | |||
Tréith | ||||
Achar dromchla | 28 ha | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Baile Átha Cliath, Éire | |||
| ||||
Gníomhaíocht | ||||
Cuairteoirí in aghaidh na bliana | 1,276,930 (2022) | |||
ID GeoNames | 6949211 | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | dublinzoo.ie | |||
Is éard is Zú Bhaile Átha Cliath (nó Gáirdín na nAinmhithe, Baile Átha Cliath, Béarla: Dublin Zoo) ann ná zú atá lonnaithe i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath in Éirinn.[1] Is é ceann de na zúnna is mó in Éirinn é agus tá sé ar na háiteanna is mó a mheallann daoine go Baile Átha Cliath. Osclaíodh é sa bhliain 1831 agus is é an ról atá ag an zú ná caomhnú gnáthóige, staidéar agus oideachas. An cuspóir atá aige ná "oibriú i gcomhpháirtíocht le zúnna ar fud an domhain chun síntiúis a thabhairt ar son caomhnú speiceas atá i mbaol ar fud an domhain".
Clúdaíonn sé ós cionn 28 heicteár (69 acra) de Pháirc an Fhionn Uisce agus scairtear suas é i limistéir éagsúla faoi na hainmneacha 'Domhain na Cait', 'Domhain na bPríomhaigh', 'Conair Foraoise Kaziranga', 'Imill an tArtach', 'Machairí na hAfraice', 'Éin', 'Reptílí', 'Plandaí', 'Feirm Cathrach' agus 'Speicis atá i mBaol'.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]19ú Aois
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh Cumann Ríoga Zó-eolaíochta na hÉireann ag cruinniú in Ospidéal an Rotunda ar an 10 Bealtaine 1830 agus osclaíodh an Zú, nó Gáirdín Ainmhithe Bhaile Átha Cliath mar a thugtaí air ag an am, ar an 1ú Meán Fómhar 1831. Bhronn Zú Londain na hainmhithe, 46 mamach agus 72 éan, orthu.
Ní haon chomhtharlú a bhí ann gur bhall den ngairm leighis a bhí i mbunaitheoirí Zú Bhaile Átha Cliath. Bhí an-suim acu i staidéar a dhéanamh ar ainmhí agus iad beo agus go háirithe nuair a fuair siad bás. Sna 1830idí, leasaíodh na dlíthe maidir le corpáin a úsáid i gcomhair leighis. Suas go dtí sin, bhí ar éinne nach raibh bainteach le ceann de na hinstitiúidí móra leighis dul agus uaigheanna a robáil chun corpán a fháil le haghaidh staidéir. Mar sin, cheap na bunaitheoirí gur éacht mhór é bheith in ann corp príomhaigh a fháil gan uaigh a robáil.
Ar dtús ba é sé pingine an praghas a bhí ar dul isteach sa Zú, suim mheasartha airgid ag an am agus mar sin is daoine saibhre mean-aicmeach a chuaigh ann ar dtús. Rinne Zú Bhaile Átha Cliath an cinneadh an praghas a laghdú go pingin gach Domhnach, mar sin bhí sé d'acmhainn ag beagnach gach Baile Átha Cliathach dul ag an Zú ó am go ham agus bhí an-tóir air ón am sin ar aghaidh.
Sa bhliain 1833, tógadh an chéad lóiste iontrála isteach sa Zú ar costas £30. Tá an foirgneamh le díon ceann tuí fós le feiceáil inniu, díreach ar dheis don slí isteach atá ann faoi láthair.
I 1838, bhí lá oscailte ag an Zú chun cuairt na Banríon Victoria a cheiliúradh — d'fhreastail 20,000 duine ar an lá oscailte, an líon is mó daoine riamh a thug cuairt ar an Zú in aon lá amháin.
Sa bhliain 1844, fuair an Zú a chéad sioráf, agus i 1855 cheannaigh siad a chéad phéire leoin. Shíolraigh iad seo den chéad uair i 1857. Fuair na reiptilí a dteach féin sa bhliain 1876.
Bhí cáil dhomhanda ar na leoin. Tháinig Ulysses S. Grant, an 18ú Uachtarán na Stát Aontaithe chun iad a fheiceáil sa bhliain 1879.[2]
Tógadh na chéad seomraí tae sa bhliain 1898.
20ú Aois
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 17ú Meitheamh 1903, mharaigh eilifint, darbh ainm Sita, a coimeádaí agus é ag tabhairt aire dá cos leonta. Chuir baill de Chonstáblacht Ríoga na hÉireann chun "suain" í.
Chuir an cogadh isteach ar an Zú. I rith Éirí Amach na Cásca i 1916, ní raibh feoil le fáil agus ar eagla go mairfeadh na leoin agus tíogair, bhí orthu roinnt ainmhí eile sa Zú a mharú.
Rugadh leon darbh ainm Slats sa Zú ar an 20ú Márta 1919. Dar leis an leabhair, Dublin Zoo: An Illustrated History le Catherine De Courcy, ba é ceann de na leoin a ndearna an stiúideo scannáin Metro-Goldwyn-Mayer taifead air i 1928 le n-úsáid mar a sonóg Leo.
Idir 1989 agus 1990, bhí fadhbanna airgeadais ag an Zú chomh dona sin go raibh an chomhairle ag smaoineamh faoi é a dhúnadh. Ach thug an rialtas deontas bliantúil fiúntach dóibh, mar a dhéanann tíortha eile na hEorpa. Cuireadh 13 heicteár (32 ácra) de thalamh mórthimpeall ar an loch i dtailte Áras an Uachtaráin leis an Zú i 1997. Chuir sé seo feabhas ollmhór ar an méid spáis a bhí ar fáil do na hainmhithe.
21ú Aois
[cuir in eagar | athraigh foinse]I 2010, thug 963,053 duine cuairt ar Zú Bhaile Átha Cliath.
Tá sraith faisnéise The Zoo de chuid RTÉ, léirithe ag Moondance Productions taifeadta go hiomlán ar an láthair i Zú Bhaile Átha Cliath, agus craoladh ar RTÉ a hAon é in Éirinn ó 2011, ar VRT sa Bheilig ó 2011 agus ar Discovery Animal Planet sa Ríocht Aontaithe ó 2012.
I 2013, gortaíodh cailín óg dhá bhliain d'aois agus a máthair agus iad ar cuairt leis na taipirí Deas-Mheiriceánacha. Dúirt an Zú go ndéanfaidh siad athbhreithniú ar a gnásanna i gcomhair na cuairteanna seo.
Sa bhliain 2020, bhí an Zú dúnta de bharr an choróinvíris. Mar sin ní raibh go leor airgid ag an Zú. Sheol an Zú feachtas — Save Dublin Zoo — chun airgead a bhailiú. Dúirt an Coimeádaí Sinsearach Brendan Walsh ag an am go gcosnaíonn an Zú €500,000 in aghaidh na míosa. Cosnaíonn sé a lán airgid an bia ceart a thabhairt do na hainmhithe gach lá. Costas an bhia gach lá: panda dearg amháin: €25, leon amháin: €50, eilifint amháin: €75, srónbheannach amháin: €100.[4]
Caomhnú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an zú mar pháirt de chlár domhanda le speiceas atá i mbaol a chur ag síolrú. Is ball é de Chlár na Speiceas Atá i mBaol na hEorpa (EEP), a chabhraíonn le caomhnú speiceas atá i mbaol san Eoraip. Tá comhordaitheoir aonaireach ag gach speiceas a bhfuil an EEP i bhfeighil air, atá freagrach as méadú grúpaí síolraithe agus an aidhm atá acu ná daonra atá cothrom go géiniteach a fháil.
Tá Zú Bhaile Átha Cliath freagrach as an tamairín leonta órga agus an cocatú Molacaígh. Tá roinnt marmaiséad Goeldi agus sacaí aghaidhbhán, atá ina bhaill den EEP chomh maith, sa Zú. Is é an caomhnú príomhfheidhm an chláir, chomh maith le taighde, staidéar agus oideachas.
Ialtóga Mheasa Rodrigues
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iad ialtóga mheasa Rodrigues ceann de na specieas atá i mbaol atá i Zú Bhaile Átha Cliath. Itheann ialtóga mheasa torthaí agus de bharr seo, tá siad riachtanach don foraois bháistí. Ní féidir le ialtóga síolta na torthaí a dhíleá, mar sin fágann na síolta córas díleá an ialtóg clúdaithe le leasachán. Gan íoltóga, ní bheidh go leor foraois bháistí in ann a síolta féin a cuir.
Le déanaí, tá Zú Bhaile Átha Cliath tar éis clós níos mó a thógáil d'eilifintí na hAfraice agus leag siad Teach Nesbit (teach na n-ialtóg). Tá na hialtóga mheasa Rodrigues anois i dTeach Robert (teach na n-éan), atá suite in aice leis na léamair bhandearracha.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Dublin Zoo - One of The Most Popular Attractions in Ireland" (en-GB). Dublin Zoo. Dáta rochtana: 2020-11-21.
- ↑ "Remembering Ulysses S Grant and his visit to Ireland" (en). Ireland.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-08-10. Dáta rochtana: 2020-11-21.
- ↑ "Charles Bent Ball" (as en) (2020-11-11). Wikipedia.
- ↑ Eleathanach 367, Dé Luain, an 23 Samhain 2020