Donald Rumsfeld
Polaiteoir Meiriceánach, thar a bheith conspóideach, ba ea Donald Henry Rumsfeld (a rugadh in Evanston, Illinois ar 9 Iúil 1932 - 29 Meitheamh 2021).
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é Rumsfeld an 13ú Rúnaí Cosanta i rialtas Gerald R. Ford, idir 1975 agus 1977.
Gríosóir cogaidh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sna 1990idí, bhí Freedom House, meitheal mhachnaimh,[1] gafa ag na nua-choimeádaigh, gafa Donald Rumsfeld san áireamh. Bhí siad ag pleanáil an ionraidh mhídhleathaigh ar an Iaráic, ó 1998 ar aghaidh ar a laghad, chun "saoirse" agus "daonlathas" a thabhairt chun na tíre sin.[2]
I 1998, scríobh baill den 'Project for the New American Century',[3] Donald Rumsfeld ina measc, chuig an Uachtarán Clinton ag moladh dó deireadh a chur le réimeas an Uachtaráin Saddam Hussein san Iaráic.[4] Scríobh William Kristol sa *Weekly Standard* ba riachtanas é fórsaí Mheiriceá a chur ar an talamh sa Meánoirthear, fiú in éagmais Saddam, chun srian a chur ar Iaráin.
21ú Rúnaí Cosanta SAM
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 20 Eanáir 2001, ghlac Rumsfeld post i rialtas George W. Bush mar 21ú Rúnaí Cosanta Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Chuir 'Rummy' amach go raibh airm ollscriosta san Iaráic sa bhliain 2002-2003, rud nach raibh fíor, ach scaip na ráflaí ina loscadh sléibhe. Ba leor an neamhaird a thug Saddam Hussein ar chigirí airm na Náisiún Aontaithe, a úsáid mar leithscéal don ionradh sa bhliain 2003..
Cogadh na hIaráice
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba iad George W. Bush (leasainm Dubya), Dick Cheney agus Donnie Rumsfeld a fuair ‘faisnéis’ go raibh airm ollscriosta san Iaráic, rud a shaothraigh leithscéal dóibh ionradh a dhéanamh ar an tír sin, Saddam Hussein a mharú agus na mílte mílte eile de bhunadh na tíre sin a shíobadh chun na síoraíochta.[5]
Bhí an ‘fhaisnéis’ a bhí ag Rumsfeld chomh lochtach le Emmental,[6] agus fuarthas amach nach raibh aon airm ollscriosta san Iaráic.
Ba é plean an Rúnaí Cosanta seilbh a ghlacadh ar an Iaráic go tapaidh, an tír a chur ar ais ar a bonnaí le hairgead ola, agus síol an daonlathais a chur i lár gharraí an Mheánoirthir. Ach ní raibh Rumsfeld ag súil le cogadh cathartha, gan go leor trúpaí aige chun smacht a choinneáil ar an tír.[7]
Céasadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chreid Rumsefeld go raibh sé inghlactha daoine a chéasadh, rud a tharla sa Phríosún Abu Ghraib san Iaráic, Guantanamo[8] agus áiteanna eile.
Iarradh ar Rumsfeld éirí as oifig sa bhliain 2004 is cosúil, tar éis fhoilsiú phictiúir Phríosún Abu Ghraib.[9]
Fealsúnacht Rumsfeld
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dúirt Rumsfeld féin go raibh iomarca rudaí ag baint leis nach eol dúinn ag an am, faoi mar a deirtear, na 'unknown unknowns'; níl ár ndóthain ar eolas againn faoi, nó
'go leor rudaí i gceist i gcásanna mar seo, rudaí is eol dúinn iad agus gur eol dúinn gur eol dúinn iad, rudaí is eol dúinn nach eol dúinn iad agus rudaí nach eol dúinn agus nach eol dúinn nach eol dúinn iad'.[10][11]
'Generals' Revolt'
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'éirigh Rumsfeld as an post (ar iarratas ón uachtarán is cosúil)[7] ar 8 Samhain 2006. Ruaigeadh as oifig é, is cosúil agus na Ginearáil san airm thar a bheith míshásta le Rumsfeld ('the Generals' Revolt').[12][13] Tháinig Robert Gates isteach ina áit.
Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Phós Rumsfeld Joyce Pierson i 1954.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cogadh na hIaráice
- Cogadh san Afganastáin (2001 - ?)
- Príosún Abu Ghraib[14][15]
- Teagasc Rumsfeld[16]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Expanding freedom and democracy." (en). Freedom House. Dáta rochtana: 2021-07-01.[nasc briste go buan]
- ↑ Maidhc Ó Cathail (2008). "Cad chuige a bhfuiltear ag cur i gcoinne Mugabe anois?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-07-01.
- ↑ "Project for the New American Century" (as en) (2021-05-03). Wikipedia.
- ↑ Brian Ó Broin (2006). "An bhfuil ag teip ar pholasaithe ionsaitheacha na Stát Aontaithe?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-07-01.
- ↑ Pól Ó Muirí (21 Eanáir 2021). "Dubya, Dick, Donnie agus an fhaisnéis nach faisnéis" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-07-01.
- ↑ "Why does the Emmental have holes? - Halal-cheese" (en-US). halal-cheese.ch (2018-10-01). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-02. Dáta rochtana: 2021-07-01.
- ↑ 7.0 7.1 Brian Ó Broin (2006). "An gcuimhneofar ar 2007 mar bhliain an choinscríofa?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-07-01.
- ↑ "Guantanamo Bay detention camp" (as en) (2021-06-26). Wikipedia.
- ↑ Brian Ó Broin (Aibreán 2006). "Cúrsaí ag dul chun donais do na Poblachtánaigh" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-07-01.
- ↑ Bridget Bhreathnach (2019). "An ‘lá breá éicint amach anseo’ tagtha agus saoire campála ar na bacáin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-07-01.
- ↑ "Cé a líonfaidh an dá chathaoir le Nua-Ghaeilge, in Má Nuad agus Gaillimh?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-07-01.
- ↑ Washington Post (Cartlann) (Aibreán 2006). "Bush Speaks Out for Rumsfeld". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-06-29. Dáta rochtana: 2021-07-01.
- ↑ David S. Cloud, Eric Schmitt (2006-04-14). "More Retired Generals Call for Rumsfeld's Resignation" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2021-07-01.
- ↑ "Abu Ghraib prison" (as en) (2021-06-17). Wikipedia.
- ↑ "Abu Ghraib torture and prisoner abuse" (as en) (2021-06-30). Wikipedia.
- ↑ "Rumsfeld Doctrine" (as en) (2021-01-09). Wikipedia.
- Articles with dead external links from Deireadh Fómhair 2022
- Básanna in 2021
- Daoine a rugadh i 1932
- Daoine as Chicago
- Daoine Meiriceánacha de bhunadh na hEorpa
- Daoine nár cúisíodh as coireanna cogaidh
- Fir
- Lucht gnó na Stát Aontaithe
- Pearsanra míleata Meiriceánach
- Poblachtánaigh na Stát Aontaithe
- Preispitéirigh
- Scríbhneoirí Meiriceánacha
- Airí Rialtais na Stát Aontaithe